An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 18:
===Géineolaíocht chlasaiceach agus Mhendelach===
 
D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaticiúilmatamaiticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.
 
Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é [[William Bateson]], duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal ''genetics'' sa bhliain 1905.<ref>genetics, ''n.'', [[Oxford English Dictionary]], 3rd ed.</ref><ref>http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.</ref> (Tháinig ''genetic'' mar aidiacht roimh an ainmfhocal agus baineadh den fhocal Gréigise ''genesis''—γένεσις ("bunús") é. Úsáideadh é den chéad uair i gciall bhitheolaíoch sa bhliain 1860.) Ba é Bateson a chuir an focal ''genetics'' i mbéal an phobail agus é ag tabhairt cainte i láthair an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Hibridiú Plandaí i [[Londain]] sa bhliain 1906.<ref>Bateson, W.. ‘The Progress of Genetic Research,’ Wilks, W. (eag.), ''Report of the Third 1906 International Conference on Genetics: Hybridization (the cross-breeding of genera or species), the cross-breeding of varieties, and general plant breeding''. Royal Horticultural Society, London, 1907.</ref>