An difríocht idir athruithe ar: "Cúirt Uachtarach na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 29:
Feidhmíonn an Chúirt Uachtarach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, cumhacht chun dlíthe nach bhfuil i gcomhréir leis an mBunreacht a dhíothú. Deonaíonn na cúirteanna urghairí ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí príobháideacha agus ar shaoránaigh chun comhlíonadh Bhunreachta a áirithiú. Foráiltear go sainráite le Bunreacht na hÉireann gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá Achtanna a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí mas rud é go bhfuil siad contrártha don Bhunreacht (Airteagal 15.4.2°) ach tá Achtanna a bhfuil i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí más rud é go bhfuil siad ar neamhréir leis an mBunreacht (Airteagal 50.1). Foráiltear leis an mBunreacht, chomh maith, faoi Airteagal 26, gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar bhillí roimh lámh an Uachtaráin a chur leis. Is é an tUachtarán amháin a fheidhmíonn an chumhacht chun billí a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí roimh dó/di dul i gcomhar leis an Comhairle Stáit. Nuair a sheasann an Chúirt Uachtarach le bunreachtúlacht Bhille a chuirtear faoina bráid, ní cead ag aon chúirt eile bunreachtúlacht an Bhille sin a bhreithniú arís (Airteagal 34.3.3°).
 
De ghnáth, is féidir le breithiúna na Cúirte Uachtaraí a mbreithiúnais féin a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. Agus bunreachtúlacht Acht nó Bhille a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhuneachta á plé ag an gCúirt, áfach, déanann an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh (Airteagail 34.4.5° andagus 26.2.2°). Féadann na breithiúna breithiúnas easaontach nó breithiúnas aontaitheach a sheachadadh agus bunreachtúlacht Acht a ritheadh roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta á plé aici (Airteagal 50).<ref name="breithiúnais easaontacha">Mar shample, tugadh tuairimí easaontacha sa chás ''Norris v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht alt 61 agus alt 62 an ''Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan, 1861'', ach rinne an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh sa chás ''Buckley v. an tArd-Aighne'', maidir le bunreachtúlacht ''Acht Cistí Sinn Féin, 1947''. Féach ar ''An Stát (Sheerin) v. Kennedy''.</ref>
 
== Dlí-eolaíocht ==