An difríocht idir athruithe ar: "Iridiam"

1,163 bytes added ,  9 mbliana ó shin
no edit summary
m (r2.7.1) (róbat ag suimiú: be-x-old:Ірыд)
Tá dhá [[iseatóp]] nádúrtha ag an iridiam, mar atá, Ir-191 (37.3 % d'iridiam an dúlra) agus Ir-193 (62.7 % d'iridiam an dúlra). Iseatóip chobhsaí iad - níl teacht ar aon raidiseatóp iridiam sa dúlra.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +4. Is í an t-aon ocsaíd a bhfuil na ceimiceoirí eolach uirthi ná an dé-ocsaíd IrO<sub>2</sub>, ar púdar donn í. Deirtear go bhfuil seisce-ocsaíd (trí-ocsaíd dé-iridiam, Ir<sub>2</sub>O<sub>3</sub>) ann freisin, agus gur púdar dúghorm í, ach níl cur síos cuimsitheach ar fáil ar an ocsaíd seo, agus is ábhar conspóide í i gcónaí. Is féidir leis an iridiam dul i gcomhdhúile den dá chineál le dúile eile i ngrúpa na hocsaigine, áfach: d'éirigh leis na ceimiceoirí an dá chineál suilfídí (IrS<sub>2</sub>, Ir<sub>2</sub>S<sub>3</sub>), seiléinídí (IrSe<sub>2</sub>, Ir<sub>2</sub>Se<sub>3</sub>) agus teallúirídí (IrTe<sub>2</sub>, Ir<sub>2</sub>Te<sub>3</sub>) a chruthú. Tá tuairisc tugtha ar an tríshuilfíd IrS<sub>3</sub> freisin. Tá sraith iomlán halaiginídí ann ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +3 ag an iridiam: an fhluairíd IrF<sub>3</sub>, an chlóiríd IrCl<sub>3</sub>, an bhróimíd IrBr<sub>3</sub> agus an iaidíd IrI<sub>3</sub>. Is féidir leis an bhfluairín an t-iridiam a ocsaídiú go staid níos airde fós, agus mar sin, tá teitreafhluairíd, peinteafhluairíd agus heicseafhluairíd ann.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +4.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]