An difríocht idir athruithe ar: "Údar (sraith TG4)"

Content deleted Content added
Líne 46:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU Jesus, Mary & Mattie]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU ‘Jesus, Mary & Mattie’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Diarmuid Goggins [[20 Eanáir]], [[2011]] ===
[[Íomhá: Údar-Jesus,Mary_+_Mattie..jpg|thumb|border|right| Údar – Jesus, Mary & Mattie]]
Tá an scannán seo bunaithe ar bunscéal le [[Pádraig Mac Piarais]]. Tá luathnéaltrú ar Mattie bhocht agus é ag fanacht go dtógfar ón tsaol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shoin agus níl aon spioraid fágtha ina shaol dá bharr. Tá faitíos ar an seanfhear roimh an domhan mór agus nach bhfuil uaidh ach é a fhágáil agus bualadh lena bhean chéile arís sna flaithis. De thimpist, castar Mary leis, cailín óg fuinniúl agus Jesus, buachaill óg ón m[[Brasíl]]. Téann siad ar thuras, ní amháin go fisiciúl, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mhattie - a lá dheireadh ar an tsaol seo.
 
Sí scríbhneoir an scéil seo, Doireann Ní Chorragáin (ghlac sí páirt mar Ali in Fair City). Seasann Úna Ní Fhlatharta amach i bpáirt Mary sa scannán seo, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], agus í soineanta agus lán le beocht na hóige agus grá don saol agus is í a théann i bhfeidhm ar an seanfhear Mattie agus a thugann beagán sóláis dó. Léirítear an ghruaim agus an dólás atá ar Mattie trí radhairc dhorcha, ghruama a léiríonn go bhfuil néaltrú ag teacht ar Mattie. Is é Diarmuid Goggins a stiúraigh an scannán seo agus is é Breandán Conroy, de cháil Kings, atá i bpáirt Mattie.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA Seacht gCéad Uaireadóir]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA ‘Seacht gCéad Uaireadóir’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Tomás Seoighe [[27 Eanáir]], [[2011]] ===