An difríocht idir athruithe ar: "Meáin chumarsáide na hÉireann"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
Líne 1:
Tá an chuid is mó de na '''meáin i bPoblacht na hÉireann''' bunaithe i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na príomhnuachtáin ansin an [[Irish Times]], an [[Irish Independent]], agus le cupla bliain anuas an [[Irish Examiner]]. Bhí an [[Cork Examiner]] ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é.
[[Íomhá: Sceal_tg4-scc3a9al-www.TG4.ie-.jpg|thumb|border|right| [[Údar|Scéal]] - drámaíocht ó [[TG4]] ]]
Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an [[Belfast Telegraph]], an [[Irish News]] agus an [[Daily Ireland]] as [[Béal Feirste]], ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an [[Irish Press]], [[Sunday Press]] agus [[Evening Herald]] an-tábhachtach go dtí na [[1970í]], agus iad á riaradh ag muintir [[Éamon de Valera]]. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an [[Sunday Independent]] ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an [[Sunday World]]. Bhi dhá nuachtán Gaeilge ann: [[Lá Nua|Lá]] (a bhi laethúil, as Béal Feirste) agus [[Foinse]] (a bhi seachtainiúil, as [[An Cheathrú Rua]]).
 
Is é [[Radio Telefís Éireann]] an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: [[RTÉ a hAon]], [[RTÉ a Dó]] agus [[TG4]]. Tá [[TV3 (Éire)|TV3]] agus [[Channel 6]] neamhspleách ón stát. Tá an [[BBC]] ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le h[[UTV]] atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.