An difríocht idir athruithe ar: "Damhsa"

Content deleted Content added
Replace image with free equiv. Per user talkpage this isn't a valid fair use context. Using a copyrighted image to abitrarily illustrate this article (when free images are avail) isn't in keeping with guidelines.
Líne 1:
[[Ealaíon]] chorportha é an '''damhsa''' le gluaiseachtaí comhordaithe, a bhíonn [[Rithim|rithimiúil]] de ghnáth agus á chleachtadh i bpáirt le [[ceol]]. Is ón bhfocal 'danse' sa bhFraincís a thagann an focal [[Gaeilge]] 'damhsa'. Tugtar 'rince' air freisin, agus deirtear gur ón seanrann [[Béarla]] do pháistí 'Ring a Ring a Rosy' a tháinig an focal sin.
 
[[File:CladdaghSet.jpg|thumb|Damhsa leithleach]]
Tá fianaise ann go raibh daoine ag damhsa ó thús ama, ó ré na seanchlochaoise i leith. Bhain an damhsa le deasghnátha, is é sin le rá, ba chineál teanga nó comharthaíochta é chun caidreamh a dhéanamh le cumhachtaí osnádúrtha. Bhítí ag damhsa chun an bháisteach a spreagadh, chun misneach a fháil roimh chath nó seilg, nó chun guí chuig na déithe. Is féidir leis an damhsa támhnéall a chur ar dhaoine freisin agus is cosúil go raibh an staid sin á lorg ag daoine ó thús ama chomh maith.
De réir mar a tháinig creideamh eagraithe chun cinn chuaigh gnéithe deasghnácha an damhsa i léig, agus ba mar chaitheamh aimsire nó mar chuid den chaidreamh idir fhir agus mhná ag ócáidí sóisialta a leanadh den damhsa. Bhíodh daoine ag damhsa ag ócáidí ceiliúrtha agus féilte.
Line 6 ⟶ 7:
Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon san [[Eoraip]] le linn aimsir na [[Athbheochan|hAthbheochana]], faoi thionchar uaisle ar nós [[Catherine de Medici]]. Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon chomh maith san [[Ind]], sa [[Rúis]], sa [[Seapáin|tSeapáin]] agus i ngach sibhialtacht eile ar domhan ag amanna éagsúla. Is é an [[Bailé]] (ballet) an damhsa is mó a bhfuil forbairt déanta air mar ealaíon i dtíortha an iarthair, go háirithe sa Rúis agus sa [[Frainc|Fhrainc]].
 
[[Íomhá: sean_nos_classes.png |thumb|border|right|[http://www.youtube.com/watch?v=32YZsUu8-bs damhsa ar an sean-nós ] ó [[TG4]] ]]
Tugtar [[Damhsa Gaelach]] ar dhamhsa a tháinig chun cinn in [[Éire|Éirinn]] ón ochtú haois déag i leith, faoi thionchar láidir na ndamhsaí a bhíodh ag na tiarnaí talún ina dtithe móra.