An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"

983 bytes added ,  8 mbliana ó shin
no edit summary
 
Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go [[oismiam|hoismiam]]. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.
 
Dúil iontach tearc é. Is é tiúchan an phlatanam i screamh an Domhain ná 0.005 milliúnú cuid. Go tipiciúil bíonn sé ar fáil mar mhiotal, nó mar chóimhiotal leis na dúile eile sa ghrúpa chéanna, an t-[[iridiam]] ach go háirithe. Fosuithe gláracha a bhíonn i gceist ansin, is é sin, d'fhág uiscí triomaithe na hiarsmaí platanaim seo ina ndiaidh fadó. Tá na fosuithe sa Cholóim, Meiriceá Theas, á n-oibriú ó na laethanta roimh Chríostóir Colambas anuas, agus platanam fágtha iontu i gcónaí. Fosú tábhachtach eile atá i Sléibhte na hÚraile sa Rúis. Tá speirílít - comhdhúil na harsanaice agus an phlatanaim - ar fáil i gCanada, i gcráitéar Sudbury, Ontario. Mianra platanaim í an chúipéirít atá comhdhéanta as suilfídí an phlatanaim agus na miotal gaolmhar - mianra tearc é ach tá sé le fáil sna fosuithe i gCúige Gauteng, timpeall ar Pretoria san Afraic Theas. Ansin atá na fosuithe is saibhre platanam ar fud an domhain.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4, ach go ginearálta, is dúil thámh í nach bhfuil araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Úsáidtear an cis-phlatanam, comhdhúil choimpléascach ina bhfuil dhá mhóilín amóinia agus dhá adamh clóirín nasctha den adamh platanaim i lár an iomláin, - úsáidtear an chomhdhúil seo sa cheimiteiripe leis na cealla ailse a mharú.
 
 
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]