An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 5:
 
Timpeall ar lár na naoú haoise déag bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó Éirinn, agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra na Breataine Móire, East End i Londain san áireamh. Ón mbliain 1882, bhí dídeanaithe Giúdacha ó Impireacht na Rúise agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair 1888 mheasúnaigh Údarás Póilínithe na Príomhchathrach, nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
 
==Na Dúnmharuithe==
 
San am seo bhí fir anaithnid ag ionsaí ban in East End chomh minic is go bhfuil sé deacair ainghníomhartha Jack a aithint thar an gcuid eile acu. Chuir Údarás Póilíní na Príomhchathrach aon dúnmharú déag san áireamh agus iad ag fiosrú an scéil, an chéad cheann acu rinneadh ar an tríú hAibreán 1888, agus an ceann deireanach, thit sé amach ar an tríú Feabhra déag 1891. Ba iad seo "dúnmharuithe Whitechapel" de réir théarmaíocht na bpóilíní, ach is doiligh a rá arbh é an ciontóit céanna a rinne iad go léir. Go bunúsach glactar le cúig cinn acu mar "chúigear canónta", is é sin, na dúnmharuithe a bhfuil lorg láimhe Jack le haithint orthu. Is iad comharthaí sóirt a chuid oibre ná gearrthaí doimhne sa scornach, drochíde a tugadh do na baill ghiniúna, baint na bputóg as an mbolg agus lorg an fhoréigin ar an aghaidh, dar leis an gcuid is mó acu siúd a chuir spéis i scéal Jack.
 
== Na hÍospartaigh ==