An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 4:
==Cúlra an Scéil==
Timpeall ar lár na naoú haoise déag bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó [[Éirinn]], agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra na Breataine Móire, East End i Londain san áireamh. Ón mbliain [[1882]], bhí dídeanaithe Giúdacha ó [[Impireacht na Rúise]] agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair [[1888]] mheasúnaigh [[Údarás Póilínithe na Príomhchathrach]], nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
==Na Dúnmharuithe==
San am seo bhí fir anaithnid ag ionsaí ban in East End chomh minic is go bhfuil sé deacair ainghníomhartha Jack a aithint thar an gcuid eile acu. Chuir Údarás Póilíní na Príomhchathrach aon dúnmharú déag san áireamh agus iad ag fiosrú an scéil, an chéad cheann acu rinneadh ar an
Rinneadh robáil agus ionsaí gnéis ar Smith i [[Sráid Osborn]], Whitechapel ar an [[3 Aibreán]], 1888. Sádh maide de chineál éigin isteach ina faighin, ionas gur polladh an peireatóineam aici, agus fuair sí bás le
Maraíodh Martha Tabram ar an [[7 Lúnasa]], 1888, agus d'aithin lucht na foiréinsice 39 gcneá sáite ar a colainn. Chomh brúidiúil is a bhí an cás, bhí na póilíní claonta chun a shíleadh gurbh é Jack a rinne an obair, ach inniu, glactar leis gur murdaróir éigin eile a bhí i gceist. Cé gur tugadh drochíde don bhean bhocht, níorbh í an drochíde chéanna a thugadh Jack dá chuid íospartach.
== Na hÍospartaigh ==
|