An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
'''Jack the Ripper''' (''Seac an Réabthóir'') a thugtar ar shraithdhúnmharfóir nár gabhadh riamh a bhí gníomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar [[Whitechapel]], [[Londain]] sa bhliain [[1888]]. Mharaíodh sé [[striapachas|striapacha]] go brúidiúil, agus é ag gearradh na bputóg astu mar a bheadh sé ag foghlaim anatamaíochta - mar sin creideann a lán inniu féin gur dochtúir nó máinlia a bhí ann. Glactar leis gur cúigear a mharaigh sé (cuirtear mná eile san áireamh ó am go chéile).
 
==Cúlra an Scéilscéil==
 
==Cúlra an Scéil==
 
Timpeall ar lár na naoú haoise déag bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó [[Éirinn]], agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra [[An Bhreatain Mhór|na Breataine Móire]], [[East End]] i Londain san áireamh. Ón mbliain [[1882]], bhí dídeanaithe Giúdacha ó [[Impireacht na Rúise]] agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair [[1888]] mheasúnaigh [[Údarás Póilínithe na Príomhchathrach]], nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
 
==Na Dúnmharuithedúnmharuithe==
 
San am seo bhí fir anaithnid ag ionsaí ban in East End chomh minic is go bhfuil sé deacair ainghníomhartha Jack a aithint thar an gcuid eile acu. Chuir Údarás Póilíní na Príomhchathrach aon dúnmharú déag san áireamh agus iad ag fiosrú an scéil, an chéad cheann acu rinneadh ar an [[3 Aibreán]], 1888, agus an ceann deireanach, thit sé amach ar an [[13 Feabhra]], [[1891]]. Ba iad seo "dúnmharuithe Whitechapel" de réir théarmaíocht na bpóilíní, ach is doiligh a rá arbh é an ciontóit céanna a rinne iad go léir. Go bunúsach glactar le cúig cinn acu mar "chúigear canónta", is é sin, na dúnmharuithe a bhfuil lorg láimhe Jack le haithint orthu. Is iad comharthaí sóirt a chuid oibre ná gearrthaí doimhne sa scornach, drochíde a tugadh do na baill ghiniúna, baint an inneachair as an mbolg agus lorg an fhoréigin ar an aghaidh, dar leis an gcuid is mó acu siúd a chuir spéis i scéal Jack. An chéad dá chás a fiosraíodh mar dhúnmharuithe i Whitechapel, ní áirítear ar an gcúigear canónta iad. Ba iad [[Emma Elizabeth Smith]] agus [[Martha Tabram]] na híospartaigh.
 
[[File:MaryJaneKelly Ripper 100.jpg|thumb|Grianghraf a tógadh ag láthair na coire (9 Samhain 1888)]]
Rinneadh robáil agus ionsaí gnéis ar Smith i [[Sráid Osborn]], Whitechapel ar an [[3 Aibreán]], 1888. Sádh maide de chineál éigin isteach ina faighin, ionas gur polladh an peireatóineam aici, agus fuair sí bás le h[[Peireatóiníteas|athlasadh an pheireatóinéim]] an lá arna mhárach in Ospidéal Londan (inniu: [[Ospidéal Ríoga Londan]]], i mBóthar Whitechapel). Dúirt sí gur ionsaigh beirt nó triúr fear í, agus nach raibh i nduine acu ach déagóir. Bhí na hiriseoirí comhaimseartha ag áitiú gur bhain an t-ionsaí seo le sraith na ndúnmharuithe i Whitechapel, ach is dóigh leis an gcuid is mó de na húdair a bhfuil ábhar éigin scríofa acu faoi Jack nach raibh i gceist ach foréigean droinge nach raibh baint aige le Jack ar aon nós.
 
Maraíodh Martha Tabram ar an [[7 Lúnasa]], 1888, agus d'aithin lucht na foiréinsice 39 gcneá sáite ar a colainn. Chomh brúidiúil is a bhí an cás, bhí na póilíní claonta chun a shíleadh gurbh é Jack a rinne an obair, ach inniu, glactar leis gur murdaróir éigin eile a bhí i gceist. Cé gur tugadh drochíde don bhean bhocht, níorbh í an drochíde chéanna a thugadh Jack dá chuid íospartach.
 
== Na hÍospartaighhíospartaigh ==
* [[Mary Ann Nichols]]
* [[Annie Chapman]]