An difríocht idir athruithe ar: "TG4"
Content deleted Content added
m →Cláir |
m →Cláir |
||
Líne 82:
Chomh maith le sin, tá TG4 i ndiaidh cur lena chuid craoltóireachta agus raon dá chláracha a leathnú. Mar shampla, cuireadh an tsraith taisteal [[Amú]], le [[Hector Ó hEochagáin]] i láthair. Rinne an clár seo réalta mór de Ó hEochagáin agus d'éirigh le TG4 a lucht féachana a leathnú maille leis sin. Anois, is cosúil go bhfuil TG4 ina lánrith, le príomhchláir den chéad scoth agus ainmneacha iomráiteacha ag baint leis an staisiún.
Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha ''Nip/Tuck'', ''Carnivàle'', ''Gossip Girl'', ''[[The Wire]]'', ''America's Next Top Model'', ''The O.C.'', ''One Tree Hill'', ''Lipstick Jungle'', ''Everwood'', ''Survivor'', ''Invasion'' agus ''Curb Your Enthusiasm'' sula raibh siad le feiceáil sa [[Ríocht Aontaithe]] agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige [[Wimbledon]] agus an rás [[Tour de France]] beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí [[peil Ghaelach]] agus [[iomáint|iománaíocht]], mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachaí seo, toisc go bhfuil léantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.
[[
Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte ''Ardán'' agus an clár faiseain ''[[Paisean Faisean]]'' ar an bhfód. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den chlár ''[[Aifric]]'', clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnothaí céanna sa treis aige, tá an clár nua ''Seacht'' a leanann na saolta seachtar mac léinn i m[[Béal Feirste]]. Ar an [[24 Meán Fómhair]] 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana ''[[South Park]]'' as Gaeilge. Ní taise do ''Sesame Street'' é, a chraoltar faoin ainm ''Tar ag Spraoi Sesame''.
Chuaigh leis an stáisiún méid réimí go leor réaltaí a sheoladh in Éirinn, cuir i gcás, na deirfiúracha Seoige, [[Gráinne Seoige|Gráinne]] agus [[Síle Seoige|Síle]], agus [[Hector Ó hEochagháin]].
[[Íomhá: Hector_5733477508_7500e64882_o-www.TG4.ie-.jpg|thumb|border|right| Hector san [[Aifraic]], i [[2010]] ]]
Ar na cúiseanna uilig á lua, tá TG4 tar éis teacht chuige féin mar acmhainn cruthanta a mbíonn ag freastal ar chúraimí na Gaeilge is na nGaeilgeoirí.
Cuireann TG4 sruth beo ó [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]] dhá lá sa tseachtain. Tá clár nuachta laethúil den chéad scoth go deo chomh maith, ''Nuacht TG4'' agus an clár [[Timpeall na Tíre]] (bailiúchán de na scéalta móra ar bhonn seachtanúil) agus ''7 Lá'' (díospóireacht ar cúrsaí reatha). Is iad na cláracha fáisnéise seo i dtaca le cúrsaí reatha a bhfuil ard-chaighdeán labhartha na Gaeilge acu, agus go deimhin tá dul faoi leith acu maise a chur ar do chuid Gaeilge go gasta, má chuireann tú cos as breathnú orthu go rialta.
[[Íomhá: Corp_anam_-www.TG4.ie-5781077138_36309c7261_z.jpg |thumb|border|left| Corp is anam, i [[2009]] ]]
Tá seirbhís theilithéacs ag TG4, ar a tugtar ''Téacs TG4''. I mí an Mheithimh na bliana 2006, thosaigh siad ag craoladh cláir go beo ar an suíomh idirlín tg4.tv.
|