An difríocht idir athruithe ar: "Cailciam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
}}
 
Is é an [[cailciam]] [[dúil cheimiceach]] [[uimhir adamhach|uimhir]] 20. Is é an t[[siombail cheimiceach]] a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ca. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é, agus mar sin, is miotal réasúnta bog é - níl sé chomh bog leis an luaidh, ach is féidir é a ghearradh le scian. Tá sé ar an gcúigiú dúil is líonmhaire i screamh an Domhain, de réir na maise. Tá an cailciam ar an gcúigiú hian is coitianta dá bhfuil tuaslagtha in uisce na bhfarraigí, de réir na mólarachta agus na maise i ndiaidh an t[[sóidiam]] Na<sup>+</sup>, na [[clóiríd]]e Cl<sup>-</sup>, an [[maignéisiam|mhaignéisiam]] Mg<sup>2+</sup> agus na [[sulfáit]]e SO<sub>4</sub><sup>2-</sup>.
 
Riachtanas é an cailciam (nó an t-ian cailciam Ca<sup>2+</sup>) do na beothaigh, go háirithe i bhfiseolaíocht na gceall, nó nuair a bhíonn na hiain chailciam ag bogadh isteach nó amach as cíteaplasma na cille, is comhartha tábhachtach é dá lán de na próisis a bhíonn ar siúl sa chill. Cailciam atá i gcuid mhaith de na cnámha freisin.
 
Miotal imoibríoch é an cailciam, is é sin, is dual dó dul i gcomhdhúile leis na dúile eile go réidh, agus mar sin, ní mór dul i dtuilleamaí leictrealú leis an gcailciam miotalach a bhaint as na salainn chailciam. Tiocfaidh brat ocsaíde ar an gcailciam go sciobtha má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. Is féidir é a chur trí thine fosta, ach ní ghlacfaidh smutáin mhóra chailciam tine go furasta, ach nuair a rachaidh an lasair ann, beidh sé á dhó agus bladhaire geal flannbhuí nó deargbhuí as.
 
Imoibreoidh an miotal leis an uisce, ionas go saorfaidh sé móilíní hidrigine H<sub>2</sub> as agus é féin ag dul isteach i bhfoirm ian Ca<sup>2+</sup>. Arís, áfach, bíonn an t-imoibriúchán seo mall go leor ag teacht i gcrann más smután mór cailciam atá i gceist, ó thagann brat hiodrocsaíde Ca(OH)<sub>2</sub> idir an miotal agus an t-uisce, agus níl an hiodrocsaíd seo sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear púdar cailciam san uisce, áfach, beidh an t-imoibriúchán i bhfad níos fíochmhaire.
 
[[Catagóir:Cailciam]]