An difríocht idir athruithe ar: "Cailciam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 23:
 
Tá fiche neodrón agus fiche prótón i núicléas chailciam 40, agus is í an núiclíd chobhsaí is troime a bhfuil an líon céanna neodrón agus prótón inti.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic.
 
* Úsáidtear an charbónáit chailciam CaCO<sub>3</sub> i ndéantús na soiminte agus an mhoirtéil, mar shampla-
* Is féidir tuaslagán na hiodrocsaíde cailciam Ca(OH)<sub>2</sub> a úsáid leis an dé-ocsaíd charbóin a aithint san uisce.
* Úsáidtear an arsanáit chailciam Ca<sub>3</sub>(AsO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> mar fheithidnimh.
* Is í an chairbíd chailciam CaC<sub>2</sub> amhábhar na h[[aicéitiléin]]e (na h[[eitín]]e) a úsáidtear i dtáthú na miotal.
* Cuirtear clóiríd chailciam CaCl<sub>2</sub> ar na bóithre leis an leac oighir a ghlanadh díobh.
 
 
 
[[Catagóir:Cailciam]]