An difríocht idir athruithe ar: "Luas an tsolais"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
I dteoiric na coibhneasachta socraíonn luas an tsolais comhghaol an spáis agus an ama, agus feictear c sa chothromóid chlúiteach úd E = mc<sup>2</sup>, a thaispeánann an fuinneamh (E) a fhreagraíonn do mhais (m) áirithe.
 
Cé nach féidir le haon réad luas an tsolais ''san fholús'' a shárú, is féidir le caithníní fo-adamhacha ar nós prótóin, neodróin nó leictreoin luas an tsolais i meán trédhearcach, cosúil leis an aer nó leis an ngloine, nó maolaíonn ábhair den chineál sin ar an solas. Is féidir luas an tsolais i meán a áireamh de réir na cothromóide seo:
 
n = c/v
 
Is ionann:
* n agus comhéifeacht athraonta an mheáin
* c agus luas an tsolais san fholús
* v agus luas an tsolais sa mheán
 
Má bhíonn caithníní a bhfuil lucht leictreach acu ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an solas, tiocfaidh luisne sa mheán, agus é ag astú radaíocht Cherenkov. Mar shampla, is gnách luisne ghorm den chineál seo a aithint taobh istigh d'imoibreoir núicléach. Is é is cúis leis an luisne seo ná leictreoin agus iad ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an radaíocht leictreamaighnéadach.
 
{{Síol}}