An difríocht idir athruithe ar: "Luas an tsolais"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Deir Teoiric Speisialta Coibhneasachta Albert Einstein gurb é luas an tsolais uasmhéid an luais is féidir d'aon rud - fuinneamh, damhna nó faisnéis - a shroicheadh agus iad ag taisteal san ollchruinne.´Ós é luas an tsolais é, is é luas na gcaithníní gan mhais agus luas na radaíochta a bhaineann leo - is é sin, luas na radaíochta leictreamaighnéadaí. Glactar leis freisin gurb é luas na himtharraingthe - luas na dtonnta a iompraíonn an imtharraingt. De réir theoiric na coibhneasachta, is ionann luas an tsolais dar le gach breathnóir, cé gur féidir go bhfuil na breathnóirí seo ag druidim i dtreo a chéile nó ag gluaiseacht ar shiúl ó chéile. Mar sin caithfidh na toisí go léir athrú agus dul as a riocht lena chinntiú gurb ionann luas an tsolais: tá siad coibhneasach, ach is rud absalóideach é luas an tsolais.
 
An réad atá ag taisteal níos maille ná an solas, deirtear go bhfuil sé ag déanamh turas amchosúil. An radaíocht a bhfuil luas an tsolais san fholús, '''c''', fúithi, deirtear go bhfuil turas solaschosúil á dhéanamh aici. Tugtar turas áitchosúil ar an tríú rogha, is é sin, sárú luas an tsolais, ach de réir na tuisceana atá ag na heolaithe ar na cúrsai seo, ní féidir le haon réad fisiciúil turas áitchosúil a chur de. Tagraíonn an focal ''[[taiceon]]'' do na caithníní a bhíonn ag taisteal níos luaithe ná an solas, ach níl sna taiceoin faoi láthair ach smaoineamh teoiriciúil: is féidir leis na fisiceoirí tuairimíocht a dhéanamh faoi shaintréithe na dtaiceon agus iad ag dul i muinín na matamaitice, ach is deacair a rá an mbeidh an cine daonna in ann choíche sonrú a chur in aon taiceon. De réir theoiric Einstein, dá mbeadh taiceoin ann, go mbeidís ag gluaiseacht sa treo contráilte san am, is é sin, ón todhchaí go dtí na laethanta a bhí, agus nach bhféadfaimis sonrú a chur sa taiceon ach i ndiaidh dó dul thart - agus go bhfeicfimis dhá phictiúr den taiceon ansin, ceann acu ag dul ar aghaidh agus an ceann eile ag dul ar ais.
 
I dteoiric na coibhneasachta socraíonn luas an tsolais comhghaol an spáis agus an ama, agus feictear c sa chothromóid chlúiteach úd E = mc<sup>2</sup>, a thaispeánann an fuinneamh (E) a fhreagraíonn do mhais (m) áirithe.