An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: id:Pemberontakan Irlandia
Líne 26:
Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na [[Bealtaine]] sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bh[[Frongoch]] sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]], agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin. Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain [[Sinn Féin]], an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana [[1918]]. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i bpairlimint [[Westminster]], tháinig siad sin le chéile chun [[Dáil Éireann]] a bhunú agus an Phoblacht a bhí fógartha le linn an Éirí Amach a athbheochan. B'é sin a chuir tús le [[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] in Éirinn, agus na Sasanaigh ag iarraidh an Dáil a chloí arís.
 
== An tÉirí Amach ar na Bacáin == Danny sucks dick :)
 
Cé gur baill d'[[Óglaigh na hÉireann]] a bhí ag troid, b'é [[Bráithreachas na Poblachta]] ([[IRB]]) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le h[[Éire|Éirinn]]. Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, [[Tomás Ó Cléirigh]], Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad [[Pádraig Mac Piarais]], [[Éamonn Ceannt]], agus [[Seosamh Pluincéad]] a chuaigh ar an gCoiste ar dtús, agus ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus [[Seán Mac Diarmada]] leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, [[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] a bhí iontu fosta. Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain [[1913]], bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le [[Poblachtánachas in Éirinn|Poblachtánachas]] na láimhe láidire. Ní raibh [[Eoin Mac Néill]], ceannaire na nÓglach, ar aon tuairim leo siúd, áfach. B'fhearr leisean staonadh ón reibiliún go dtí go mbeadh an cogadh críochnaithe, agus ansin, úsáid a bhaint as na hÓglaigh le brú a chur ar na Sasanaigh. Mar sin féin, bhí an Bráithreachas meáite ar é a chur ar mhalairt comhairle, sin nó droichead a dhéanamh de ar fad agus an t-éirí amach a thosú beag beann air. Níor éirigh go maith leo ceachtar den dá chomhairle sin a chur i gcrích.