An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Content deleted Content added
Rm redlinked image. Rm opening left aligned image. Lads - this is too many Fair Use images! Per various notes, Fair Use can only be claimed in limited cases! You can't claim "fair use" on what are essentially non-critical "decorative" images!!
Líne 12:
Is stáisiún [[teilifís]]e [[Éire]]annach é '''TG4''' atá dírithe ar cainteoirí [[Gaeilge]] in Éirinn agus ar fud an domhain ar an idirlín. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar [[Oíche Shamhna]] [[1996]] mar '''Teilifís na Gaeilge''' nó '''TnaG''', ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain [[1999]]. Bhí TG4 faoi stiúir [[RTÉ]] go dtí gur athraigh sé go corparáid neamhspleách poiblí ar an gcéad lá d'Aibreáin [[2007]], tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd i 2001.
 
[[ Íomhá: TG4_aingeal_mtk_design17-520x292-www.TG4.ie-.jpg |thumb|border|left| Samhaltán [[osréalachas|osréalaíoch]] sa bhliain [[2008]] - [[2010]] TG4 – aingeal nocht agus innill níocháin ]]
Cé go raibh an stáisiún cáinte ag daoine áirithe sna meáin Bhéarla ar dtús (mar shampla - bhaist an t-iriseoir Kevin Myers 'Telefís De Lorean' air, ag déanamh tagart don chomhlacht mí-rathúil De Lorean), tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar [[Peil Ghaelach na mBan]]. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'[[Aontas Craolacháin na hEorpa]].
 
Line 86 ⟶ 85:
Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha ''Nip/Tuck'', ''Carnivàle'', ''Gossip Girl'', ''[[The Wire]]'', ''America's Next Top Model'', ''The O.C.'', ''One Tree Hill'', ''Lipstick Jungle'', ''Everwood'', ''Survivor'', ''Invasion'' agus ''Curb Your Enthusiasm'' sula raibh siad le feiceáil sa [[Ríocht Aontaithe]] agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige [[Wimbledon]] agus an rás [[Tour de France]] beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí [[peil Ghaelach]] agus [[iomáint|iománaíocht]], mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachaí seo, toisc go bhfuil léantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.
 
[[Íomhá: Siar_an_Bóthar_Presented_by_Nioclás_Ó_Cearbhalláin-5855953875_71f2232fca_o.jpg |thumb|border|left| Siar an Bóthar, le Nioclás Ó Cearbhalláin [[Taisce Cheol Dúchais Éireann]], i [[2009]] ]]
Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte ''Ardán'' agus an clár faiseain ''[[Paisean Faisean]]'' ar an bhfód. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den chlár ''[[Aifric]]'', clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnothaí céanna sa treis aige, tá an clár nua ''Seacht'' a leanann na saolta seachtar mac léinn i m[[Béal Feirste]]. Ar an [[24 Meán Fómhair]] 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana ''[[South Park]]'' as Gaeilge. Ní taise do ''Sesame Street'' é, a chraoltar faoin ainm ''Tar ag Spraoi Sesame''.