An difríocht idir athruithe ar: "Luas an tsolais"

Content deleted Content added
No edit summary
Quick
Líne 1:
Tairiseach fisiciúil é '''luas an tsolais''' san fholús, agus é tábhachtach ina lán brainsí eolaíochta[[eolaíocht]]a. Is é an tsiombail a sheasann dó sna [[foirmle|foirmlí]] matamaitice ná '''c''', agus is ionann é agus 299,792,458 méadar in aghaidh na soicinde. Is luach cruinn é seo, nó is de réir na huimhreach seo a shainítear an méadar mar aonad faid.
 
== Teoiricí ==
Deir [[Teoiric choibhneasachta Einstein|Teoiric Speisialta Coibhneasachta]] Albert Einstein gurb é luas an [[solas|tsolais]] uasmhéid an luais is féidir d'aon rud - [[fuinneamh]], damhna nó faisnéis - a shroicheadh agus iad ag taisteal san [[ollchruinne]].´ 'Ós é luas an tsolais é, is é luas na gcaithníní gan mhais agus luas na radaíochta a bhaineann leo - is é sin, luas na radaíochta leictreamaighnéadaí. Glactar leis freisin gurb é luas na himtharraingthe - luas na dtonnta a iompraíonn an imtharraingt. De réir theoiric na coibhneasachta, is ionann luas an tsolais dar le gach breathnóir, cé gur féidir go bhfuil na breathnóirí seo ag druidim i dtreo a chéile nó ag gluaiseacht ar shiúl ó chéile. Mar sin caithfidh na toisí go léir athrú agus dul as a riocht lena chinntiú gurb ionann luas an tsolais: tá siad coibhneasach, ach is rud absalóideach é luas an tsolais.
 
An réad atá ag taisteal níos maille ná an solas, deirtear go bhfuil sé ag déanamh turas amchosúil. An radaíocht a bhfuil luas an tsolais san fholús, '''c''', fúithi, deirtear go bhfuil turas solaschosúil á dhéanamh aici. Tugtar turas áitchosúil ar an tríú rogha, is é sin, sárú luas an tsolais, ach de réir na tuisceana atá ag na heolaithe ar na cúrsai seo, ní féidir le haon réad fisiciúil turas áitchosúil a chur de. Tagraíonn an focal ''[[taiceon]]'' do na caithníní a bhíonn ag taisteal níos luaithe ná an solas, ach níl sna taiceoin faoi láthair ach smaoineamh teoiriciúil: is féidir leis na fisiceoirí tuairimíocht a dhéanamh faoi shaintréithe na dtaiceon agus iad ag dul i muinín na matamaitice, ach is deacair a rá an mbeidh an cine daonna in ann choíche sonrú a chur in aon taiceon. De réir theoiric Einstein, dá mbeadh taiceoin ann, go mbeidís ag gluaiseacht sa treo contráilte san am, is é sin, ón todhchaí go dtí na laethanta a bhí, agus nach bhféadfaimis sonrú a chur sa taiceon ach i ndiaidh dó dul thart - agus go bhfeicfimis dhá phictiúr den taiceon ansin, ceann acu ag dul ar aghaidh agus an ceann eile ag dul ar ais.
Line 9 ⟶ 10:
Cé nach féidir le haon réad luas an tsolais ''san fholús'' a shárú, is féidir le caithníní fo-adamhacha ar nós prótóin, neodróin nó leictreoin luas an tsolais i meán trédhearcach, cosúil leis an aer nó leis an ngloine, nó maolaíonn ábhair den chineál sin ar an solas. Is féidir luas an tsolais i meán a áireamh de réir na cothromóide seo:
 
:n = c/v
 
Is ionann:
Line 16 ⟶ 17:
* v agus luas an tsolais sa mheán
 
Má bhíonn caithníní a bhfuil lucht leictreach acu ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an solas, tiocfaidh luisne sa mheán, agus é ag astú [[radaíocht Cherenkov]]. Mar shampla, is gnách luisne ghorm den chineál seo a aithint taobh istigh d'imoibreoir núicléach. Is é is cúis leis an luisne seo ná leictreoin agus iad ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an radaíocht [[leictreamaighnéadas|leictreamaighnéadach]].
 
{{Síol}}
[[Catagóir:Solas]]
 
[[en:Speed of light]]