An difríocht idir athruithe ar: "Lorcán Ua Tuathail"

Content deleted Content added
Peadarx (plé | dréachtaí)
No edit summary
Peadarx (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Rugadh é i nDiseart Diarmad, Co Chill Dara i 1128. Ba é Muirchertach Ua Tuathail a athair agus Eithne Ní Bhroin a mháthair agus tháinig an beirt acu ón uasaicme Gaelach, a bhainn le muintir Uí Dunlainge a bhíodh ina ríthe ar chúige Laigheann. San aonú aois déag, bhíodar faoi teach Uí Chennsailigh, teaghlach cumhachtach lonnaithe i Loch Gorman. Bhí muintir Uí Tuathail ina cónaí i Mullach Maistín, Co Chill Dara ag an am.
 
Chuaigh Lorcán mar ghiall do [[Diarmaid Mac Murchadha]] i Loch Gorman agus aois deich mbliain aige. Chuaigh Diarmaid i gcoinne nósanna na hama agus chuir sé Lorcan i dteach a bhí ró-íseal chun prionsa a glacadh. Ghabh Muirchertach cuid de oifigigh thábhabhtacha Dhiarmuid agus bhágair sé iad a mhárú mura lig Diarmuid do Lorcan imeacht saor. Chuir Diarmaid chuig [[Gleann Dá Loch]] é faoi choimirce an aba ansin. Nuair a d'fhill Muirchertach ar Ghleann dá Loch, thóg Lorcán air féin fanacht ansin mar mhanach.
 
Cheap Muirchertach Lorcán in ab ar Ghleann dá Loch i 1154, nuair nach raibh ach 26 bhliain aige agus nach raibh sé oirnithe ina shagart go fóill. Cé nach raibh an phobal sásta le sin ar dtús, chonacadar go raibh buanna faoi leith ag Lorcán agus toghadh é mar Easpag Ghleann dá Loch cúpla bhliain dár gcionn, tar éis dó a bheith oirnithe ina shagart. Dhúiltigh sé an ceapacháin.