An difríocht idir athruithe ar: "Lorcán Ua Tuathail"

Content deleted Content added
Peadarx (plé | dréachtaí)
No edit summary
Peadarx (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 9:
I 1162, d'ainmnigh Diarmuid Mac Murchadha (a bhí pósta lena dheirfiúr Mór ag an am) é mar Ardeaspag [[Baile Átha Cliath|Átha Cliath]]. Ba chathair Lochlannach é Baile Átha Cliath ag an am agus ní raibh muintir na cathrach sásta le manach Gaelach a bheith mar ardeaspag acu ar dtús. Ach tar éis dóibh cráifeacht agus catharnacht an ardeaspaig a fheiceáil, thugadar tacaíocht dó. Thóg sé na Canóinigh Rialta Agaistíneacha isteach i dTeampall Chríost agus tháinig sé chucu le culaith Agaistíneach air féin chun an portús a canadh in éineacht leo.
 
I 1166, chuir an tArd Rí [[Ruaidhrí Ua Conchobhair]] agus a chomhleac, [[Tighearnán Ua Ruairc]], rí Bhréifne Diarmaid Mac Murchadha as Éireann tar éis dó bean Uí Ruairc Dearbhairghilla a gabhadh agus dá bhliain a chaitheamh ina chónaí léi. Ag an bpoínte seo, d'fhag dheirfiúr Lorcáin Diarmaid agus chuaigh sí i gclochar i mBaile Átha Cliath. Tháinig Diarmaid ar ais le saighdíurí Angla-Normannach faoi stiúir [[Risteárd de Clare]], Iarla Phembroke. Ghabh siad ríocht Laigheann ar ais do Dhiarmaid agus ghabhadar Baile Átha Cliath tar éis dóibh an bua a fháil ar an ard rí agus a comhleacaithe i gcath.
 
 
Risteárd de Clare