An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
Ní "Meán-Domhan" ach "Meán-Domhan" atá in úsáid. Déan comparáid ar "Middle-earth" freisin. |
|||
Líne 1:
Is é an '''Meán-domhan''' ([[Béarla]]: ''Middle-earth''; tá an téarma seo bunaithe ar ''Middangeard'' an t[[Sean-Bhéarla]] agus ar ''Miðgarður'' na h[[Íoslainnis]]e) an ilchríoch shamhailteach ina bhfuil imeachtaí an úrscéil fhantaisíochta [[Tiarna na bhFáinní]] le [[J. R. R. Tolkien]] suite.
[[Íomhá:Unico Anello.jpg|thumb|220px|Samhail den Aon Fháinne Amháin, arb é buninneall na n-imeachtaí é in úrscéal Tolkien.<!-- An chuid den Mheán-
== Tíreolas ==
Cheap Tolkien an Meán-
Mar a chruthaigh Eru Ilúvatar (is é sin, Dia) an Domhan ar dtús, bhí dhá ilchríoch ann: an Meán-
=== Aman ===
Líne 15:
=== Númenór ===
Bhí an t-oileán úd ''Númenór'' suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, ''The Sundering Seas'' - idir Aman agus an Meán-
Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leathinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le h''Erukyermë'' (teacht an Earraigh), ''Erulaitalë'' (lár an tsamhraidh) agus ''Eruhantalë'' (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. Ba é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leathinis úd Orrostar agus Hyarrostar.
Líne 25:
Samhailchomhartha tábhachtach é an "Cosán Díreach" i miotaseolaíocht phríobháideach Tolkien. D'fhéadfá a rá go seasann léirscrios Númenór do thitim an chine dhaonna, don dóigh ar chaill an duine an ceangal díreach do Dhia agus an caidreamh nádúrtha a bhí aige Leisean.
=== An Meán-
Ar dtús, bhí cuma shiméadrach ar an Meán-
Diosca mín a bhí in Arda ar dtús. Chruthaigh na ''Valar'' dhá lampa mhóra mhillteanacha le solas a thabhairt: Illuin agus Ormal. Thóg an ''Vala'' Aulë, an saor agus an tógálaí, - thóg sé dhá thúr mhóra, Helcar i bhfad ó thuaidh agus Ringil i bhfad ó theas. Cuireadh Illuin ar Helcar, agus shuigh na ''Valar'' Ormal ar Ringil. Idir an dá lampa, san áit a raibh an dá chineál solas á mheascadh, bhí cónaí ar na ''Valar'' in oileán Almaren. Nuair a mhill Melkor an dá lampa, scriosadh oileán Almaren, agus fágadh farraigí móra san áit a raibh na lampaí. Chuaigh na ''Valar'' chun cónaithe taobh amuigh den Mheán-
=== An Chéad Aois ===
An chuid is mó de na himeachtaí "staire" a luaigh Tolkien leis an gCéad Aois sa Mheán-
=== An Dara agus an Tríú hAois ===
Sa Dara agus sa Tríú hAois, ba iad na réigiúin ba tábhachtaí in Iarthar an Mheán-domhain ná Eriador, Gondor, Sléibhte an Cheo, agus gleannta na habhann móire úd Anduin. Is iad na Sléibhte Gorma, nó Ered Luin, teorainn nádúrtha Eriador san iarthar, agus iad ag rith in aice leis an bhfarraige. Tá Mithlond, nó na Cuanta Liatha (''Grey Havens''), suite in Inbhear Lhûn: is ansin a théann na hEilbh ar bord loinge le haghaidh a thabhairt ar an Ríocht Bheannaithe. Mar a chonaic muid thuas, ní féidir an Ríocht Bheannaithe a shroicheadh ón Meán-
Is iad Sléibhte an Cheo teorainn nádúrtha Eriador thoir. Ritheann an sliabhraon seo ón tuaisceart a fhad le hIsengard, nó Orthanc, áit a bhfuil cónaí ar an draíodóir Saruman. I Sléibhte an Cheo a ghearr na hAbhaic an chathair is mó agus is áille dá gcuid riamh, ''Khâzad-dum'' nó ''Moria''.
Líne 55:
* '''Barad-dûr''' nó an ''Túr Dorcha'': an túr agus an daingean ina raibh cónaí ar Sauron i Mordor. I dTeanga Dhubh Sauron féin, is é ''Lugbûrz'' ainm na háite seo.
* '''Belegaer''' - an Fharraige Mhór taobh thiar den Mheán-
* '''Bá Belfalas''' - bhí cósta theas Gondor suite chois na bá seo. Ar an taobh eile den bhá, bhí foghlaithe mara Harad ina gcónaí.
Líne 99:
* '''Pelennor''': ba iad ''Páirceanna Pelennor'' na tailte talmhaíochta timpeall ar Minas Tirith, taobh istigh de Rammas Echor.
* '''Rhûn''': "An tOirthear" i dteanga na nEalbh. Go bunúsach, níor thug Tolkien mórán eolais don léitheoir ar an gcuid seo den Mheán-
* '''Rocha''' (Béarla: ''Rohan''), ríocht de chuid na nDaoine taobh thuaidh de Gondor. Fir mhóra mharcaíochta ab ea iad na Rochannaigh, agus iad an-tugtha dá gcuid capall. Ní raibh sibhialtacht chomh forbartha acu agus a bhí ag muintir Gondor.
Líne 109:
== Stair ==
Sa díolaim mhiotaseolaíoch a chuir Christopher Tolkien, mac an scríbhneora, in eagar i ndiaidh bhás J.R.R. Tolkien féin, mar atá, ''The Silmarillion'', aithnítear ceithre mhórthréimhse stairiúla, mar atá, ''Ainulindalë'', ''Blianta na Lampaí'', ''Blianta na gCrann'' agus ''Blianta na Gréine''. Sa Mheán-
=== ''Ainulindalë'' ===
Líne 121:
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Blianta na Lampaí. Ar dtús, bhí Arda mín leibhéalta, agus rinne na ''Valar'' dhá lampa móra le solas a chaitheamh air. B'iad na hainmnacha a thug siad ar na Lampaí ná Illuin agus Ormal. I lár Arda, áit a raibh solas an dá Lampa le feiceáil, a bhí cónaí ar na ''Valar'' in Oileán Almaren. Tugtar '''Earrach Arda''' ar an tréimhse seo fosta: bhí na ''Valar'' díreach tar éis an chuma ab fhearr leo a chur ar Arda, agus Melkor fágtha ar imeall na hollchruinne, taobh amuigh de Bhallaí na hOíche (Béarla: ''the Walls of Night''). San am seo, thosaigh na coillte ag fás, agus na chéad ainmhithe ag teacht chun saoil. Ansin, áfach, d'éirigh le Melkor seangú isteach arís, agus chuir sé deireadh le hEarrach Arda, nuair a scrios sé an dá Lampa.
I ndiaidh scrios na Lampaí, thosaigh blianta na gCrann. Tharraing na ''Valar'' siar go Valinor in Iarthar Arda, agus rinne an ''Vala'' Yavanna, Bronntóir na dTorthaí, rinne sí dhá chrann móra le solas a thabhairt ar Valinor, mar atá, Telperion, an Crann Airgid, agus Laurelin, an Crann Óir. Bhí an dá Chrann ag tabhairt solais d'Aman, ach d'fhan an Meán-
=== Na hImeachtaí sa Chéad Aois ===
I dtús na Chéad Aoise, dhúisigh na hEilbh in Oirthear an Mheán-domhain in aice le Loch Cuiviénen. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na ''Valar'' i dteagmháil leo, agus iad ag áitiú ar na hEilbh an oilithreacht a dhéanamh anoir go Valinor. Cuid de na hEilbh, níor thug siad aird air seo, agus scar siad leis an gcuid eile. San am seo, d'éirigh le Melkor na ''Valar'' eile a bhréagadh chun é a scaoileadh saor, agus nuair a d'éirigh, chuaigh sé go dtí an Meán-
Chuir Fëanor gairm chruinnithe ar an treibh sí a raibh baint aige féin léi, na ''Noldor'', agus chuaigh siad ar lorg Melkor go Beleriand. B'é Fëanor a thug an leasainm úd ''Morgoth'' - Namhaid Dubh an Domhain - ar Melkor. Thug seisean agus a chlann mhac na mionna go bhfaighfidís athsheilbh ar na ''Silmaril''í nó go bhfaighfidís bás san iarracht. B'é Fëanor féin a bhí i gceannas ar an gcéad dream de na ''Noldor'', agus Fingolfin ar an dream ba mhó a bhí ag teacht ina ndiaidh. Rinne na ''Noldor'' stad in Alqualondë, áit a raibh cónaí ar na ''Teleri'', treibh eile de shíoga. Cuanchathair a bhí ann, ach ní raibh na ''Teleri'' sásta áis a gcuid long a thabhairt do na ''Noldor''. Ansin, d'ionsaigh Fëanor agus lucht a leanúna na ''Teleri'', mharaigh siad cuid mhaith acu, agus ghoid siad a gcuid long. Tugadh an Chéad Fhionaíl (Béarla: ''The First Kinslaying'') ar na himeachtaí seo. Sheol lucht leanúna Fëanor leo ar na longa goidte, agus fágadh lucht leanúna Fingolfin ar an mblár fholamh. Ní raibh de rogha acu ach an fharraige a thrasnú ag Helcaraxë, áit a raibh an t-oighear chomh pacáilte is go bhféadfá é a shiúl go dtí an Meán-
Sna himeachtaí a lean, maraíodh Fëanor. Tháinig Fingolfin agus an chuid ba mhó de chlann mhac Fëanor slán, áfach, agus bhunaigh siad ríochtaí cumhachtacha ina dhiadh sin. Idir an dá linn, thóg na ''Valar'' an dá thoradh deireanacha a bhí fágtha den dá chrann agus rinne siad an Ghrian agus an Ghealach díobh. Mar sin, thosaigh Blianta na Gréine, agus is gnách glacadh leis gurb é Chéad Éirí na Gréine fíorthús na Chéad Aoise freisin.
Rinne na ''Noldor'' léigear ar Angband, daingean Melkor, agus iad ag coinneáil diansúil ar an áit le nach seangódh an Namhaid as an áit. Mar sin féin, bhí sé ábalta fórsaí a chur amach trí bhealaí rúnda ó am go ham, agus na ''Noldor'' ag cur troda ar na fórsaí seo. A fhad is a mhair an t-imshuí seo, áfach, bhí síocháin i réim sa chuid is mó den Mheán-
I rith na Síochána Fada, dhúisigh na Daoine, agus rinne siad a mbealach thar na Sléibhte Gorma go Beleriand. Sa deireadh, áfach, d'éirigh le Morgoth an léigear a bhriseadh, agus ansin, d'ionsaigh sé ríochtaí na nEalbh sa Mheán-
Mharaigh na hAbhaic Thingol, athair Lúthien, agus ghoid siad an ''Silmaril'' uaidh. Le cuidiú na nEinteach, rinne Beren luíochán roimh na hAbhaic agus sciob sé an ''Silmaril'' uathu. Thug sé an ''Silmaril'' do Lúthien, ach fuair an bheirt acu bás - agus b'é an fíorbhás é an iarracht seo - go gairid ina dhiaidh sin. D'fhág siad an ''Silmaril'' ag a mac Dior. B'é Dior a bhunaigh an ríocht úd Doriath in athuair. Nuair a fuair clann mhac Fëanor amach go raibh ceann de na ''Silmaril''í ag Dior, tháinig siad á éileamh air, agus nuair a dhiúltaigh sé an tseoid a thabhairt dóibh, mharaigh siad é. Scrios siad Doriath freisin - b'é seo an Dara Fionaíl (''the Second Kinslaying''). Ní bhfuair siad an ''Silmaril'', áfach, nó d'éalaigh iníon Dior, Elwing, uathu, agus an tseoid aici. Fuair triúr mac de chuid Fëanor - Celegorm, Curufin, agus Caranthir - bás, agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar an ''Silmaril''.
I ndeireadh na Chéad Aoise, ní raibh saoirse ag na hEilbh ná ag na Daoine ach amháin in inbhear na habhann úd Sirion, ina measc siúd Eärendil a phós Elwing. Tharraing clann Fëanor trioblóid arís, áfach, agus iad ag éileamh an ''Silmaril'' dóibh féin. D'éirigh ina chogadh idir iad agus lucht leanúna Eärendil, - b'é sin an Tríú Fionaíl (''The Third Kinslaying'' as Béarla). Ansin, thug Eärendil agus Elwing an ''Silmaril'' leo trasna na farraige go dtí Valinor le cabhair na ''Valar'' a iarraidh. Bhí na ''Valar'' sásta cuidiú leo, agus tháinig siad go dtí an Meán-
=== Na hImeachtaí sa Dara hAois ===
Líne 152:
San am seo, bhí Sauron ag caitheamh a scáile ar Númenór. Ní raibh na ríthe sásta bás a fháil go sásta síochánta i ndiaidh a gcuid suilt a bhaint as an saol. Ina áit sin, bhí siad ag cloí leis an mbeatha go santach. Sna laethanta a bhí, bhí muintir Númenór riamh dílis agus buíoch do na ''Valar'' agus d'Eru, ach anois, bhí siad ag déanamh dearmaid den chíos a bhí dlite uathu do na ''Valar''. Bhí siad ag éirí faoi chinniúint an Duine, is é sin, an bhásmhaireacht. Scoilt muintir Númenór ina dhá leath, mar atá, lucht leanúna an Rí, nach raibh ag teastáil uathu ach tuilleadh cumhachta a bhaint amach do Númenór beag beann ar na hEilbh agus na ''Valar'', agus na Fíréin, a d'fhan dílis do na hEilbh agus a thug aird ar fhocail Eru Ilúvatar i gcónaí.
Bhí Sauron chomh cinnte ann féin is gur fhógair sé gurbh eisean Rí na nDaoine. Níor thaitin an ghaisciúlacht seo le hAr-Pharazôn, rí deireanach Númenór, nó bhí sé den tuairim gurbh eisean Rí na nUile Dhaoine. Mar sin, ghléas sé fórsa armtha agus sheol sé go dtí an Meán-
==== ''Akallabêth'' agus deoraíocht shliocht Elendil ====
Nuair a chuaigh Ar-Pharazôn i dtír in Aman, tharraing sé fearg Eru Ilúvatar anuas air féin. Scriosadh cabhlach agus arm Ar-Pharazôn go hiomlán, agus chuir Ilúvatar athrú cuma ar an Domhan. D'fhág Sé déanamh na liathroide air, agus scar sé ó Aman é, ionas nach bhféadfá Valinor a bhaint amach le gnáthlong arís. Níor fhág Sé ach aon Bhealach Díreach amháin ón Meán-
D'éirigh le hElendil agus a chlann mhac Númenór a fhágáil in am, ach fuair Tar-Míriel, banríon Númenór, bás sa Díle, cé go raibh sí dílis d'Eru Ilúvatar agus do na hEilbh. Bhí sí pósta ar Ar-Pharazôn in aghaidh a tola. Nuair a thosaigh na huiscí ag líonadh suas, d'fhéach sí le mullach an tsléibhe naofa Meneltarma a bhaint amach le trócaire a iarraidh ar na ''Valar'' nó ar Eru Ilúvatar, ach ansin, bháigh an tuile í sular tháinig sí in airde.
Bhunaigh Elendil agus a mhic dhá ríocht do Dhaoine sa Mheán-
I ndiaidh bhás Isildur, cailleadh an Fáinne, agus níor chualathas a dhath faoi ar feadh i bhfad.
Líne 166:
=== Na hImeachtaí sa Tríú hAois ===
Tá imeachtaí Thiarna na bhFáinní suite sa Tríú hAois. I ndiaidh do na ''Dúnedain'' - iarsmaí mhuintir Númenór - seadú sa Mheán-
== Ciníocha ==
Líne 176:
Is iad na ''Valar'' na h''Ainur'' is airde céim. D'fhéadfá ardaingil a thabhairt orthu. Chruthaigh Eru Ilúvatar iad sular chruthaigh Sé an Ollchruinne (''Eä''), an Grianchóras (''Arda'') agus an Domhan (''Imbar''). Luaigh Tolkien na ''Valar'' seo, ach is dócha nach bhfuil iontu ach na ''Valar'' is mó cumhachta - ríthe agus banríonacha na ''Valar''. Is í an teanga ''Valarin'' a labhraíonn siad. Murab ionann agus na teangacha ''Quenya'' agus ''Sindarin'', ní dhearna Tolkien mórán forbartha riamh ar an teanga seo. Is féidir, áfach, teacht ar bhlúiríní di ina chuid lámhscríbhinní, a foilsíodh i ndiaidh a bháis sa tsraith ''The History of Middle-earth''. Bhí focail na teanga seo ní b'fhaide ná focail na dteangacha ''Sindarin'' agus ''Quenya''. Mar shampla, is é an leagan ''Valarin'' d'ainm Tulkas ná ''Tulukastâz''.
* '''Manwë''', Ard-Rí na ''Valar''. Is é Manwë fear céile Varda agus Rí Arda. Nuair a bhí sé ag cur faoi sa Mheán-
* '''Ulmo''', ''Vala'' na bhfarraigí.
Líne 188:
* '''Lórien''' nó ''Irmo'', máistir na n-aislingí is na mbrionglóidí.
* '''Tulkas''' nó ''Astaldo'', an ''Vala'' deireanach a thuirling go hArda. Nuair a bhí Melkor ar tí bua a bhreith ar na ''Valar'' eile sa Mheán-
* '''Melkor''' - an diabhal, an Tiarna Duairc, nó ''Morgoth Bauglir'', Namhaid Dubh an Domhain, an Tíoránach.
Líne 238:
Tugtar ''Edain'' ar na Daoine sa teanga ''Sindarin'', agus is é ''Atani'' an leagan ''Quenya''. Dhúisigh na Daoine ní ba deireanaí ná na hEilbh, agus murab ionann agus iadsan, tá na Daoine básmhar. Is é an tuiscint a bhí ann ar dtús gur ''bronntanas'' ab ea é an Bás a fuair na Daoine ó Eru Ilúvatar, nó éalú a bhí ann ón Domhan, bealach éalaithe nach raibh ar fáil do na hEilbh ná do na ''Valar'' féin. Nuair a thruailligh [[Melkor]] croíthe na nDaoine, áfach, tháinig eagla orthu roimh an mbronntanas, agus thosaigh siad ag dearcadh air mar a bheadh damnú ann. Ghlac siad col leo féin agus lena nádúr féin. Sin é an tuige ar fhéach muintir Númenór, mar shampla, neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí ar an domhan seo a bhaint amach dóibh féin trí Valinor a ionsaí.
Sa Tríú hAois, bhí dhá ríocht mhóra ag na Daoine in Iarthar an Mheán-domhain: Gondor agus [[Rocha]]. B'iad sliocht na bhFíréan ó Númenór a bhunaigh Gondor. Na Rochannaigh, arís, tháinig siadsan ó Thuaisceart an Mheán-domhain, agus ní raibh cultúr chomh forbartha acu agus ag muintir [[Gondor]]. Maidir leis na Númenóraigh ''nach'' raibh dílis d'Eru Ilúvatar, is é sin, lucht leanúna an Rí Ar-Pharazôn, bhí cuid dá sliochtsan le fáil sa Mheán-
Nuair a d'imigh ríocht Arnor de dhroim an tsaoil i dtuaisceart an Mheán-domhain, chuaigh sliocht na bhFíréan ansin le fánaíocht sna coillte. Duine d'Fhánaithe an Tuaiscirt (''Rangers of the North'') ab ea [[Aragorn]], nó an Taistealaí (''Strider''), a bhain amach ríchathaoir Gondor i ndeireadh Thiarna na bhFáinní.
Líne 263:
{{DEFAULTSORT:Mean-
[[Catagóir:J. R. R. Tolkien]]
|