An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Rivendell (Béarla) = Gleann na Scoilte (Gaeilge)
Mirkwood = an Mhodarchoill
Líne 43:
In Eriador a bhunaigh iarsmaí mhuintir Númenór an ríocht úd Arnor, nó Tír an Rí. Níos déanaí, thit an ríocht seo as a chéile ina trí mhionríocht, mar atá, Arthedain, Cardolan, agus Rhudaur. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinne amach, áfach, bhí na ríochtaí seo ligthe i ndearmad cheana féin. Bhí tír na Hobad, nó an tSír (''the Shire''), suite in Eriador freisin, chomh maith le hImladris nó Gleann na Scoilte, áitreabh de chuid na nEalbh, cóngarach do thaobh thiar Shléibhte an Cheo. Ba é an tEalbh Elrond a bhí i gceannas ar mhuintir Ghleann na Scoilte, agus é ina sheanchaí mór acu, ó bhí sé beo ó laethanta na Chéad Aoise anuas.
 
Taobh thoir de Shléibhte an Cheo, bhí an réigiún mór úd ''Rhovanion'', chomh maith le ''Lothlórien'', tír de chuid na nEalbh, agus Galadriel ina banríon uirthi. Píosa maith ó theas, bhí coill Fangorn, agus an tEinteach - sórt fathach i riocht crainn - Crannfhéasóg (''Treebeard'') ag rialú ansin. Ritheann an abhainn úd Anduin trí Lothlórien, agus taobh thoir de Fangorn. Aniar ón abhainn a bhí an Choill Dhuairc, nó ''Mirkwood''Mhodarchoill. Níos faide soir fós a bhí Erebor, nó an Sliabh Uaigneach, agus an dragan Smaug ag cur faoi ansin. Ansin atá an chathair úd Gleannán (''Dale'') freisin. Daoine daonna iad muintir na cathrach sin, agus a lán caidrimh acu leis na hAbhaic.
 
Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na Rochann - is é an leagan Béarla a bhí ag Tolkien ná ''Rohan'', ach san iarfhocal a chuir sé le ''Tiarna na bhFáinní'', dúirt sé go bhfuil Rohan "bunaithe ar an bhfoirm Rochann, seanfhoirm Rochand", agus mar sin, is féidir Rocha nó tír na Rochann a thabhairt uirthi as Gaeilge. Bhí na Rochannaigh ina gcomhghuaillithe ag muintir Gondor, a raibh a dtír suite taobh theas de Rochainn. De shliocht Númenór ab ea iad muintir Gondor. Taobh thoir de Gondor, bhí Mordor suite, tír a bhí timpeallaithe ag na sléibhte ó thrí thaobh, agus b'ansin a bhí cónaí ar Sauron, an Tiarna Dubh, sa Túr Dorcha, nó Barad-dûr. Bhí na tailte ó theas ó Gondor - Harad, nó an Deisceart - faoi fhorlámhas Sauron, agus a muintir naimhdeach do Gondor.