An difríocht idir athruithe ar: "An Airméin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 58:
=== Teacht na Críostaíochta ===
 
Sa bhliain [[301]], ghlac na hAirméanaigh leis an g[[Críostaíocht]] mar reiligiún oifigiúil. Inniu féin, tá [[Eaglais Aspalda na hAirméine|Eaglais Náisiúnta]] dá gcuid féin ag na hAirméanaigh agus í neamhspleách ar [[an Róimh]] agus ar Eaglais an Oirthir araon, cé go bhfuil Eaglais Chaitliceach Náisiúnta ag na hAirméanaigh freisin - eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Airméanacha, cé go dtugann sí urraim don [[Pápa|Phápa]].
 
Rinne na Peirsigh iarracht i lár na cúigiú haoise i ndiaidh bhreith Chríost a reiligiún féin - an [[Sorastrachas]] - a thabhairt isteach sa leath Pheirseach den Airméin. D'éirigh na hAirméanaigh amach in aghaidh na Peirse, agus mhair siad i bhfad ag cur [[treallchogaíocht|treallchogaidh]] ar na Peirsigh, go dtí go raibh an rítheaghlach Sasánach sásta a gcreideamh a ligean leo sa bhliain [[484]].