An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid na Fraince"

m
m (r2.7.1) (róbat ag mionathrú: lt:Didžioji Prancūzijos revoliucija)
Ar 20 Samhain shocraigh an Chomhdháil Náisiúnta ar an monarcacht a chealú. Bhi drogall ar na Girondins é sin a dhéanamh, agus eagla orthu go gcuirfí spionnadh i lucht na frithRéabhlóide agus go dtreiseofái naimhdeas mhonarcachtaí na hEorpa. Ach thangthas ar cháipéisí a chruthaigh go raibh an Rí i mbun comhcheilge le naimhde na Poblachta, agus ba léir do mhórán go gcaithfeadh sé íoc as. Básaíodh é faoin ngilitín ar 21 Eanáir 1793.
Ar 24 Feabhra 1793 chinn na Girondins ar arm 300,000 saighdiúir a thógáil le caitheamh crann, rud a thug drochnósanna an tSeanrachta i gceann na ndaoine, agus a spreag éirí amach san Alsáis, sa [[An Bhriotáin|Bhriotáin]] agus sna Sléibhte Lárnacha (''Le Massif central''), ceannairc a cuireadh faoi chois gan mhoill. Ritheadh dlí a chuir dlús leis an sceimhle: ceannairceach ar bith a rugadh maol air bhásófaí gan triail é. Bhí na Girondins ag dul i laige, áfach; bhí orthu glacadh le Coiste na Slándála Poiblí (''la Comité de Salut Public'') agus leis an mBinse Réabhlóideach (''an Tribunal révolutionnaire''), agus ba ghearr gur ruaigeadh iad. Is iad na Montagnards a tháinig ina n-áit tar éis dul i bpáirt na bhfaicsean ab antoiscthí de phobal Pháras. Ní mar sin a bhí an scéal taobh amuigh de Pháras; in [[Marseille]] agus i [[Lyons]] ba iad na Girondins an dream ba láidre.
 
== Coiste na Slándála Poiblí ==
366

edits