An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
|||
Líne 4:
Rugadh Mícheál Seosamh Ó Rathaille, nó ''The O'Rahilly'' ("An Rathailleach"), mar a thugtaí air go minic, ar an [[22 Aibreán|22ú lá de Mhí Aibreáin]] sa bhliain [[1875]] i m[[Béal Átha Longphoirt]], [[Contae Chiarraí]], agus cailleadh é ar an [[29 Aibreán|29ú lá de Mhí Aibreáin]], [[1916]], i m[[Baile Átha Cliath]]. Náisiúnaí [[Éire]]annach ab ea é, agus fuair sé bás i bpáirc an áir in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Bhí sé ina Phoblachtach díograiseach, agus é ina bhall de Choiste Gnó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Fear mór taistil a bhí ann, nó chaith sé conablach deich mbliana sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus san [[An Eoraip|Eoraip]], sular chuir sé faoi i m[[Baile Átha Cliath]]. Bhí sé measartha saibhir, nó nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí sé le léamh ar an ''[[Irish Times]]'' go raibh ioncam tráthrialta £900 i ndiaidh na bliana aige, agus é ag caitheamh cuid mhaith de ag tabhairt tacaíochta do chúis na Náisiúnaithe.
[[Íomhá:The O'Rahilly Ballylongford.jpg
Níos tábhachtaí fós, bhí sé ar duine de bhunaitheoirí [[Óglaigh na hÉireann]]. Le cabhair [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i m[[Binn Éadair]].
Líne 23:
== Cuimhneachán ==
[[Íomhá:The O'Rahilly memorial, O'Rahilly Parade, Dublin.jpg|clé
D'ainneoin é a bheith i bpian mhór agus an bás ag druidim leis, scríobh an Rathailleach teachtaireacht dheireanach chuig a bhean chéile, Nancy. Seo a raibh le léamh ansin:
|