An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: eu:Royal Irish Constabulary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:RIC Station Badge.gif|thumb|Suaitheantas Chonstáblacht Ríoga na hÉireann]]
Bhí '''Constáblacht Ríoga na hÉireann''' ("Royal Irish Constabulary", RIC), nó "na saighdiúirí dubha", mar a thugtaí ar na constáblaí sa [[An Ghaeltacht|Ghaeltacht]] (cf. saothar [[Seán Bán Mac Meanman|Sheáin Bháin Mhic Mheanmain]]), ar ceann den dá chonstáblacht a bhí ag obair in Éirinn i dtús na fichiú haoise, in éineacht le [[Póilíní
[[Caitliceachas|Caitlicigh]] ab ea
== Stair na Póilíníochta in Éirinn ==
Tháinig an chéad fhórsa póilíní ar an bhfód in Éirinn, nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Choimeád na Síochána]] sa bhliain [[1814]]. Bunaíodh an Chonstáblacht féin sa bhliain [[1822]], nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Chonstáblacht na hÉireann]]. Ceann de na chéad dualgaisí dár thit ar a crann ab ea é na [[Deachú|deachúna]] a ghearradh de na Caitlicigh le lámh láidir le linn [[Cogadh na nDeachún|Chogadh na nDeachún]]. D'fhoráil an tAcht gur cuireadh fórsa póilíní ar bun i ngach [[
Ní raibh lé ná luiteamas ag an gconstáblacht leis an [[scarúnachas Éireannach]], rud a léirigh siad go héifeachtúil sa bhliain [[1848]], nuair a chloígh siad éirí amach na h[[Éire Óg|Éireann Óige]] a raibh [[Uilliam Mac Gabhann Ó Briain]] i gceannas uirthi. Tháinig turadh ina dhiaidh sin i gcúrsaí na tíre. Mar sin féin, bhí [[IRB|Bráithreachas na Poblachta]], a bunaíodh sa bhliain 1858, ag beartú éirí amach armtha in aghaidh an rialtais Ghallda. Tháinig na pleananna seo i gcrích sa bhliain [[1867]] le hÉirí Amach na bh[[Fíníní]], agus na stáisiúin iargúlta de chuid na Constáblachta á n-ionsaí ag na Fíníní. Ní raibh moill ar bith ar na constáblaí an reibiliún seo a chur faoi chois ach an oiread, nó bhí na Fíníní insíothlaithe le spiairí agus le brathadóirí.
Bhí na "saighdiúirí dubha" le feiceáil ar fud na tíre ó na [[1850í|1850idí]] anuas, agus deonaíodh dualgaisí nua dóibh i gcúrsaí an rialtais áitiúil, rud a d'fhág na constáblaí fite fuaite le saol an phobail san áit a raibh siad ar garastún. Sa bhliain 1901, bhí, ar a laghad, 1,600 beairic agus 11,000 constábla ann. An chuid ba mhó de na constáblaí ab ísle céim, go háirithe faoin tuaith, bhí siad an-chosúil leis na daoine ina dtimpeall, idir aicme shóisialta, chreideamh, agus chúlra ginearálta. Mar sin, ní raibh sé coitianta ar aon nós go mbeadh Protastúnaigh ag póilíniú pobail Chaitliceacha. Bhí cuid mhaith den phobal Chaitliceach míshásta leis na constáblaí sa naoú haois déag, agus iad ag cuidiú leis na baillí daoine bochta a dhíshealbhú, ag géarleanúint lucht ceannais Chonradh na Talún, agus (rud atá le léamh go fairsing i litríocht na Gaeltachta) ag ionsaí na stiléirí.
|