An difríocht idir athruithe ar: "John F. Kennedy"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 22:
 
== Tús a shaoil ==
Rugadh agus tógadh Kennedy i [[afgan mar muselim
Rugadh agus tógadh Kennedy i m[[afgan]], baile i [[Massachusetts]] sa bhliain [[1917]]. Mac leis an bpolaiteoir iomráiteach [[Joseph P. Kennedy, Sr.]] agus [[Rose Fitzgerald]] ab ea é. D'fhreastail Kennedy ar [[Scoil Edward Devotion]] ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin [[Scoil Dexter]] i mBostún, agus bliain amháin eile ag [[Scoil Canterbury]]. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i [[Choate Rosemary Hall]] i [[Wallingford]], [[Connecticut]]. Ceann de na scoileanna chónaithe is fearr sa tír ab ea í, agus bhain sé céim amach sa bhliain [[1935]]. Sheol sé go [[Londain]], [[Sasana]] ar an [[25 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr [[Kathleen Cavendish|Kathleen]]. Chláraigh sé le [[Scoil na hEacnamaíochta Londain]] chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh [[Harold Laski]], ach cuireadh san ospidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennndy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San fhómhar sa bhliain [[1935]], chláraigh sé le h[[Ollscoil Princeton]], ach d'éirigh sé tinn arís. [[Na buíocháin]] a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar [[Ollscoil Harvard]]. Thaistil sé chuig an [[An Eoraip]] faoi dhó i rith a thréimhse ag Ollscoil Harvard. Chuaigh sé go dtí Sasana arís, áit ina raibh a athair mar ambasadóir. Sa bhliain [[1937]], forordaíodh [[stéaróidigh]] do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuid [[drólainníteas]], ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh air sin. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le h[[oistéapóróis]] sa [[dromlach|dhromlach]]. Bhain Kennedy céim amach ó Ollscoil Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag [[Ollscoil Stanford]]. Tar éis dó Stanford a fhágáil, thaistil sé go dtí [[Meiriceá Theas]].
 
Scríobh Kennedy a thráchtas ''"Why England Slept"'' sa bhliain [[1940]], ar eachtraí na mBriotanach agus an [[Comhaontú Munich]]. Theastaigh uaidh an tráchtas a choimeád san ollscoil ar dtús, ach chuir a athair ina luí air an tráchtas a fhoilsiú mar leabhar. D'fhág Kennedy Harvard agus céim bainte amach aige i gcúrsaí idirnáisiúnta i mí Meitheamh 1940. Foilsíodh an tráchtas sa bhliain chéanna, a bhí an-rathúil freisin.