Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

 
=== Óráid i mBeirlín Thiar ===
Ar an [[26 Meitheamh]] [[1963]], chuaigh Kennedy ar chuairt reatha go dtí [[Beirlín Thiar]] Thiar. Bhí na sluaite daoine amach ar na sráideanna, agus thóg Kennedy óráid i gcoinne an chumannachais. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bualadh bos dó, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Rúiseach. Dúirt sé go raibh sampla é an balla, a léirigh loiceadh an chumannachais. Tá cáil ag an óráid inniu mar gheall ar na bhfocail stairiúla "Ich bin ein Berliner". Meastar go raibh 5/6 den daonra amach ag éisteacht le Kennedy ar an lá seo.
 
[[Íomhá:JFKIreland2.jpg|thumb|260px|JFK in Éirinn sa bhliain 1963]]
 
=== Éire ===
Ba de bhunadh Éireannach é Kennedy, agus mar thoradh ba mhór an ócáid é sa bhliain 1963 nuair a thug sé cuairt ar [[Éire|Éirinn]]. Bhuail sé le hUachtarán [[Éamon de Valera]], agus bhunaigh siad an American Irish Foundation le chéile, chun naisc a chur chun cinn idir Meiriceánaigh de bhunadh Éireannacha agus an tír seo féin. Chuaigh Kennedy go dtí an teachín ina raibh a chlann féin ina gcónaí sular fhág siad an tír.
Úsáideoir gan ainm