Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

47 bytes added ,  7 mbliana ó shin
m
no edit summary
== Toghchán 1960 ==
[[Íomhá:Eisenhower and Kennedy.jpg|deas|150px|thumb|Uachtarán nua Kennedy agus [[Dwight D. Eisenhower|Eisenhower]] sa bhliain [[1960]].]]
Sa bhliain [[1960]], d'fhógair John F. Kennedy go mbeadh sé ag dul isteach sa thoghchán, chun a bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Chun áit a bhuaigh ina iarrthóir don [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|pháirtí Daonlathach]], bhí comórtas deacair aige ón Seanadóir [[Hubert H. Humphrey]] as [[Minnesota]], an Seanadóir [[Lyndon B. Johnson]] as [[Texas]] agus Adlai Stevenson. Chuaigh sé go dtí an [[Virginia Thiar]] chun labhairt leis na mianadóirí. Bhuaigh sé a gcuid tacaíochta, cé go raibh sé ina Chaitliceach agus ba stát Phrotastúnach é sa formhór. Tar éis na heachtraí seo, d'éirigh Kennedy as an gcomórtas mar iarrthóir inghlactha. Fógraíodh é ar an [[13 Iúil]] [[1960]] go mbeadh Kennedy an iarrthóir a bheadh ag glacadh páirt sa toghchán. D'ainneoin na caismirte a bhí eatarthu níos luaithe, roghnaigh Kennedy Johnson ina iarrthóir don leas-Uachtaránacht. Bhí tacaíocht an-láidir ag Johnson i ndeisceart na tíre, rud a bhí de dhíth go géar ar Kennedy. Na príomhchúrsaí a raibh siad ag caint faoi ná an geilleagar mall, Caitliceachas Kennedy, [[Cúba]], agus na dúshláin a bhí ann i gcoinne [[Aontas na Sóivéide]] sna cláir spáis agus airm.
 
Phléigh Kennedy agus a theagmhálaí [[Richard M. Nixon|Richard Nixon]] ón [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Poblachtach]] na cúrsaí seo le chéile i rith an chéad díospóireacht uachtaránachta a bhí le feiceáil ar an [[teilifís]]. Bhí cuma mí-chompordach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap formhór an lucht féachana go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtra stairiúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i bpolaitíocht as seo amach.
 
== Uachtaránacht ==
Rinneadh 35ú uachtarán de ar an [[20 Eanáir]], [[1961]]. Ag an searmanas, d'iarr Kennedy ar mhuintir na tíre a bheith fuinniúil ar son na tíre, leis na bhfocail stairiúil, "Ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country". D'iarr sé freisin ar náisiúin an domhain aontú le chéile chun troid i gcoinne na comh-naimhde a bhí acu - an tíorántacht, an bhochtaineacht, galar, agus cogadh féin.
 
=== Cúba agus Scannal Bhá na Muice ===
Ar an [[17 Aibreán]] [[1961]], thóg Kennedy an t-ordú ionradh a thosaigh ar [[Cúba|Chúba]]. Le tacaíocht ón [[Central Intelligence Agency]] (CIA), d'fhill 1,500 deoraí Chúbacha a bhí ag traenáil i Meiriceá ar ais go dtí an oileán chun an ruaig a chur ar [[Fidel Castro]] ("Briogáid 2506" an t-ainm a bhí orthu). Níor thóg na Meiriceánaigh aon aerthacaíocht do na saighdiúirí, áfach, agus chuir an tacaíocht láidir a bhí ag Castro iontas orthu freisin. Chomh maith le sin, rinneadh roinnt botúin tábhachtacha, agus ar an [[19 Aibreán]] [[1961]] bhí formhór na n-ionreoirí maraithe nó faoi ghlas ag Castro. B'éigean do Kennedy idirbheartaíocht a dhéanamh le Castro chun na 1,189 marthanóir a scaoileadh saor. D'aontaigh Cúba fiche mí ní ba déanaí, nuair a thug na Meiriceánaigh $53 milliúin i mbia agus [[leigheas]] dóibh ar malairt. Eachtra a chur an-aiféaltas ar Kennedy ab ea é seo, cé go raibh sé sásta an locht ar fad a ghlacadh.
 
=== Géarchéim na nDiúracán i gCúba ===
 
=== Peace Corps ===
B'é bunú an [[Peace Corps]] ceann de na céad eachtraí a rinne Kennedy agus a dtoghadh isteach san oifig é. Sa chlár sin, chuir na Meiriceánaigh cabhair ar fáil dodon tíortha[[Tríú bochtaDomhan]] in [[oideachas]], feirmeoireacht, [[leigheas]] agus [[tógálacht|tógáil]].
 
=== Vítneam ===
Bhain Kennedy úsáid teoranta as na seirbhísí míleata chun troid i gcoinne an gcumannachas. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh i [[Vítneam]], agus mar thoradh thug sé tacaíocht polaitiúla, eacnamaíochta agus míleata don rialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 comhairleoir míleata agus na U.S. Special Forces go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh sna blianta as seo amach, agus bhí saighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh i rith an riarachán ina dhiaidh Kennedy. Mhéadaigh Kennedy an tacaíocht míleata, ach níor éirigh sé go maith fós. I mí Iúil [[1963]], bhí géarchéim ag Kennedy i Vítneam agus bhí air rud a dhéanamh faoi. Thóg sé a thoil an ruaig a chur ar uachtarán na tíre Ngo Dinh Diem, agus cuireadh ''coup d'état'' ar siúl.
 
=== Óráid i mBeirlín Thiar ===
1,045

edits