An difríocht idir athruithe ar: "An tSeirbea-Chróitis"

Content deleted Content added
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.5.2) (róbat ag mionathrú: zh:塞尔维亚-克罗地亚语
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Serbo croatian language2005.png|thumb|{{legend|#A7F0F0|Cainteoirí Seirbea-Chróitise}}{{legend|#D2CF93|Teangacha eile}}]]
'''Seirbea-Chróitis''' nó '''Cróite-Sheirbis''' a thugtar ar an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] atá á labhairt sa [[An Chróit|Chróit]], sa [[An tSeirbia|tSeirbia]], sa [[Boisnis|Bhoisnia]]/sa Heirseagaivéin agus i [[Montainéagró]]. Sa chiall chúng, ba í an tSeirbea-Chróitis an leagan caighdeánaithe a bhí in úsáid oifigiúil s[[an Iúgslaiv]] sna blianta [[1954]]-[[1991]], sa bhreis ar an t[[Slóivéinis]] agus ar an [[Macadóinis|Mhacadóinis]]. Tá an teanga chaighdeánaithe seo bunaithe ar an gcanúint úd ''štokavski'', go háirithe ar an leagan di ar a dtugtar ''novoštokavski'', is é sin, ''štokavski'' nua. Cé go bhfuil na Bosnaigh, na Seirbigh, na Crótaigh agus na Montainéigrínigh féin ag iarraidh caighdeáin dá gcuid féin a fhorbairt, níl siad ag iarraidh aon chanúint eile seachas an ''novoštokavski'' a úsáid mar dhúshraith don chaighdeán nua.
 
Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Ainm eile a bhí in úsáid san am ab ea é "Illíris", ach tá sé níos coitianta "Illíris" a thabhairt ar an tseanteanga hipitéiseach as ar fhorbair an [[Albáinis]]. Faoi lár na [[19ú haois|naoú haoise déag]], chaighdeánaigh na teangeolaithe Seirbiacha agus Crótacha an teanga in éineacht, ionas go mbeadh sé indéanta úsáid a bhaint as na litreacha Coireallacha agus Laidineacha araon leis an teanga a bhreacadh síos. Ba é an béaloideasóir[[béaloideas]]óir Seirbiach Vuk Stefanović Karadžić a bhí i gceannas ar an gcaighdeánú Coireallach, agus an Crótach Ljudevit Gaj agus an Seirbiach Đuro Daničić a shocraigh an ceartlitriú Laidineach[[Laidin]]each. Bhí sé i gceist acu go mór mór go seasfadh gach litir Choireallach d'aon litir amháin sa leagan Laidineach[[Laidin]]each agus a mhalairt, rud a fhágann go bhfuil leagan Seirbiach na haibítre Coireallaí sách difriúil leis an leagan Rúiseach. Mar shampla, is mar ''Югославия'' a scríobhann na [[Rúisigh]] ainm [[an hIúgslaiv|na hIúgslaive]], ach is é ''Југославија'' an leagan Seirbise. (''Jugoslavija'' an litriú Cróitise.)
 
Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd ''novoštokavski''.
Líne 62:
|}
 
Mar a dúradh, tá an trí chaighdeán bunaithe ar an mórchanúintmór[[canúint|chanúint]] úd "štokavski", agus, le bheith beacht, ar an leagan de ar a dtugtar "novoštokavski", is é sin, "štokavski" nua. Sa [[canúint|chanúint]] seo, ní féidir an bhéim a chur ar an siolla deireanach. Mar sin, ''izvini'' an focal ar "gabh mo leithscéal" sa [[Rúisis]] agus sa tSeirbea-Chróitis araon, ach is ar an dara siolla ón deireadh atá an bhéim sa tSeirbea-Chróitis (''izvíni''), cé go bhfuil sé ar an siolla deireanach (''izviní'') sa Rúisis.
 
Tá leaganacha éagsúla den ''novoštokavski'' féin ann, áfach, agus is í an phríomhdhifríocht atá eatarthu ná an guta a rinneadh den tseanghuta Slavach ar a dtugtar ''jatj'' nó ''yat'' i dteanga an léinn Shlavaigh. ''Yat'' an t-ainm Rúisise ar an litir (nach n-úsáidtear a thuilleadh) a sheas don ghuta seo in aibítir na Rúisise - ѣ. Creidtear gur [æː] a bhí ann ar dtús, is é sin, an guta a chloisfeá san fhocal [[Gaeilge]] ''bean'' mar a fhuaimnítear i gConamara é. D'fhorbair an guta seo ar bhealaí éagsúla i gcanúintí difriúla na Seirbea-Chróitise. I gcuid de na canúintí rinneadh défhoghar de a scríobhtar mar "je" nó "ije"; tugtar "jekavski" nó "ijekavski" ar na canúintí seo. Cuid eile arís, déanann siad "i" de, agus "ikavski" an téarma dúchasach ar na canúintí seo. "Ekavski" a thugtar ar na canúintí a rinne gnáth-"e" den ghuta.
 
Ni thugann caighdeán ar bith aitheantas don "ikavski", canúint a chloistear ar chósta na Cróite, in áiteanna cosúil le Dubrovnik. Glactar leis an dá leagan, idir "ijekavski" agus "ekavski" sa tSeirbis (an dara leagan amháin a thaispeántar faoin "tSeirbis" sa tábla thuas), ach is é an leagan "ijekavski" an t-aon leagan a cheadaítear sa Chróitis agus sa Bhoisnis.