An difríocht idir athruithe ar: "Cumarsáid"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
Féach freisin
Líne 1:
Is éard atá sa '''chumarsáid''' smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach.

Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más sméideadh beag atá i gceist nó áiseanna aimhréidhe leictreonacha. Ar na saghsanna cumarsáide is mó is dual don aois atá anois ann tá an [[bolscaireacht|bholscaireacht]] agus an [[fógraíocht|fhógraíocht]], rudaí ar chuspóir dóibh rud a áitiú ort agus é de chumas acu é a dhéanamh ar chéad bealach, más go híorónta nó go féin-chomhfhiosach féin é.

Is mór an cúnamh don chumarsáid an cultúr céanna a bheith ag na daoine atá i gceist, cé gur minic ráite é nach féidir an mhíthuiscint a sheachaint sa chás sin féin. Tá dlúthbhaint ag an gcumarsáid leis an staidéar atá déanta ag fealsúna agus ag anailísí cultúrtha ar nádúr na [[comhartha|gcomharthaí]] agus na [[samhailchomhartha|samhailchomharthaí]].
 
==Féach freisin==
[[Meáin chumarsáide na hÉireann]]
 
{{stumpa}}