An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: xmf:გუარანი (ნინა)
No edit summary
Líne 1:
Is [[teanga (cumarsáid)|teanga]] í an '''Ghuaráinis''' (''Guaraní'') a thugtar uirthi as Spáinnis, ach is é ''avañe'ẽ'' an téarma a bhaineannúsáidtear ósa dhúchasGhuaráinis leféin), a labhraítear i [[Meiriceá Theas]]. BaineannCeann sí lede foghrúpana teangateangacha Tupí-GuaraníTupi naí, dteangachaagus Tupíaicmítear san fhoghrúpa Tupi-Ghuaraní í. Tá [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] aici i b[[Paragua]], agus í áó labhairtdhúchas ag formhór anmhuintir daonra marna theangatíre dhúchaissin. Labhraítear ísna chomhtíortha maitheile itimpeall dtíorthaar eilePharagua saí chomharsanachtfosta, agus aithnítearaitheantas íoifigiúil aici mar dhara theangateanga oifigiúil i gcúigí Corrientes agus Misiones s[[an Airgintín]]. Ceann de theangacha oifigiúla Chómhargadh na Coirceoige Theas í freisin. Is é Cómhargadh na Coirceoige Theas, nó MERCOSUR, an cómhargadh eacnamaíochta a bhunaigh an Bhrasaíl, Paragua, Uragua, agus an Airgintín sa bhliain 1991. Ñemby Ñemuha an t-ainm Guaráinise ar an eagraíocht idirnáisiúnta seo.
 
Is í an Ghuaráinis an t-aon teanga bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas a chuaigh in úsáid go forleathan i measc na neamh-bhundúchasach. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha tá siad ag géilleadh do na teangacha móra a tháinig ón Eoraip, is é sin, an Spáinnis agus an Phortaingéilis. Ba iad na hÍosánaigh a choinnigh an teanga beo thar na céadta bliain, nó bhí siad breá sásta a gcuid seanmóireachta a dhéanamh i nGuaráinis. Ba é an tÍosánach Antonio Ruiz de Montoya (1585-1652) a chuir tús le taighde teangeolaíoch na teanga lena leabhar ''Tesoro de la lengua guaraní'' ("Stórchiste na Guaráinise"), agus tuiscint íogair aige do dheacrachtaí na teanga. Bhí an-ghrá ag an Athair Antonio don teanga, agus dúirt sé go raibh an Ghuaráinis "chomh flúirseach, chomh hálainn, agus go raibh sí inchomórtais le rogha teangacha an domhain".
 
De ghnáth, glactar leis gurb ionann an Ghuaráinis agus teanga oifigiúil Pharagua. Tá canúintí eile ann, agus is féidir a rá go bhfuil contanóid nó slabhra canúintí ann. Na canúintí a labhraíonn dreamanna beaga bundúchasacha, ar nós chanúintí Aché agus Mbya, bíonn siad difriúil go maith le caint na sráide sna cathracha Paraguacha, ach ar ndóigh tá Guaráinis na gcathracha breac le focail iasachta ón Spáinnis a bhíonn de dhíth le cur síos a thabhairt ar an saol nua-aimseartha. Ón taobh eile de, is follas gur choinnigh na canúintí bundúchasacha a lán seantéarmaí a bhaineann leis an saol traidisiúnta.
 
[[Catagóir:Teangacha Mheiriceá Theas]]