An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
 
Ar dtús bhunaigh na hÍosánaigh cineál tearmainn nó ''reducciones'' mar a thugtar orthu as Spáinnis le haghaidh na mbundúchasach. Dialathas Caitliceach a bhí i réim sna tearmainn seo, agus an Chríostaíocht á craobhscaoileadh trí mheán na Guaráinise. Bhí na hÍosánaigh dian ag iarraidh na bundúchasaigh a iompú chun Caitliceachais, ach san am sin bhí siad ionraic ag iarraidh a gcuid paróisteánach a chosaint ar an muintir isteach a tháinig ón Eoraip agus nach raibh meas an mhadra acu ar bhunadh an Oileáin Úir, Nuair a bunaíodh Paragua mar stát neamhspleách, baineadh a sean-sainchearta de na hÍosánaigh, ach mar sin féin, mhair an teanga beo, nó bhí deachtóirí Pharagua dírithe ar an tír a choinneáil chomh scoite ón saol mór agus ab fhéidir, rud a chuidigh leis an teanga.
 
An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh leis na ríomhairí. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ).
 
[[Catagóir:Teangacha Mheiriceá Theas]]