An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
Ar dtús bhunaigh na hÍosánaigh cineál tearmainn nó ''reducciones'' mar a thugtar orthu as Spáinnis le haghaidh na mbundúchasach. Dialathas Caitliceach a bhí i réim sna tearmainn seo, agus an Chríostaíocht á craobhscaoileadh trí mheán na Guaráinise. Bhí na hÍosánaigh dian ag iarraidh na bundúchasaigh a iompú chun Caitliceachais, ach san am sin bhí siad ionraic ag iarraidh a gcuid paróisteánach a chosaint ar an muintir isteach a tháinig ón Eoraip agus nach raibh meas an mhadra acu ar bhunadh an Oileáin Úir, Nuair a bunaíodh Paragua mar stát neamhspleách, baineadh a sean-sainchearta de na hÍosánaigh, ach mar sin féin, mhair an teanga beo, nó bhí deachtóirí Pharagua dírithe ar an tír a choinneáil chomh scoite ón saol mór agus ab fhéidir, rud a chuidigh leis an teanga.
 
An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh leis na ríomhairí. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ). (An guta a scríobhtar leis an y, tá sé cosúil le "ao" na Gaeilge san fhocal "saol"; is é an leagan srónach den ghuta seo an fhuaim is neamhghnáiche sa teanga.) Má chuirtear an tilde os cionn an g, gheofar an litir a fhuaimnítear cosúil le "ng" an Bhéarla agus na Gaeilge: G̃/g̃. Litir é seo nach bhfuil in úsáid in aon teanga eile, agus ní ceann de na litreacha réamhchumtha é sa chóras úd Unicode féin.
 
Ní mharcáiltear ach na gutaí srónacha faoi bhéim. Na gutaí neamhshrónacha atá faoi bhéim, cuirtear an agúid (síneadh fada na Gaeilge, nó ''accent aigu'' na Fraincise) os a gcionn. Mura bhfuil aon ghuta san fhocal marcáilte, is é an guta deireanach a bheidh faoi bhéim.
 
 
[[Catagóir:Teangacha Mheiriceá Theas]]