An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ). (An guta a scríobhtar leis an y, tá sé cosúil le "ao" na Gaeilge san fhocal "saol"; is é an leagan srónach den ghuta seo an fhuaim is neamhghnáiche sa teanga.) Má chuirtear an tilde os cionn an g, gheofar an litir a fhuaimnítear cosúil le "ng" an Bhéarla agus na Gaeilge: G̃/g̃. Litir é seo nach bhfuil in úsáid in aon teanga eile, agus ní ceann de na litreacha réamhchumtha é sa chóras úd Unicode féin.
 
Ní mharcáiltear ach na gutaí srónacha faoi bhéim. Is é sin, is é an guta faoin tilde a bheidh faoi bhéim. Na gutaí neamhshrónacha atá faoi bhéim, cuirtear an agúid (síneadh fada na Gaeilge, nó ''accent aigu'' na Fraincise) os a gcionn. Mura bhfuil aon ghuta san fhocal marcáilte, is é an guta deireanach a bheidh faoi bhéim.