An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
De ghnáth, glactar leis gurb ionann an Ghuaráinis agus teanga oifigiúil Pharagua. Tá canúintí eile ann, agus is féidir a rá go bhfuil contanóid nó slabhra canúintí ann. Na canúintí a labhraíonn dreamanna beaga bundúchasacha, ar nós chanúintí Aché agus Mbya, bíonn siad difriúil go maith le caint na sráide sna cathracha Paraguacha, ach ar ndóigh tá Guaráinis na gcathracha breac le focail iasachta ón Spáinnis a bhíonn de dhíth le cur síos a thabhairt ar an saol nua-aimseartha. Ón taobh eile de, is follas gur choinnigh na canúintí bundúchasacha a lán seantéarmaí a bhaineann leis an saol traidisiúnta.
 
Ar dtús bhunaigh na hÍosánaigh cineál tearmainn nó ''reducciones'' mar a thugtar orthu as Spáinnis le haghaidh na mbundúchasach. Dialathas Caitliceach a bhí i réim sna tearmainn seo, agus an Chríostaíocht á craobhscaoileadh trí mheán na Guaráinise. Bhí na hÍosánaigh dian ag iarraidh na bundúchasaigh a iompú chun Caitliceachais, ach san am sin bhí siad ionraic ag iarraidh a gcuid paróisteánach a chosaint ar an muintir isteach a tháinig ón Eoraip agus nach raibh meas an mhadra acu ar bhunadh an Oileáin Úir, Nuair a bunaíodh Paragua mar stát neamhspleách, baineadh a sean-sainchearta de na hÍosánaigh, ach mar sin féin, mhair an teanga beo, nó bhí deachtóirí Pharagua dírithe ar an tír a choinneáil chomh scoite ón saol mór agus ab fhéidir, rud a chuidigh leis an teanga teacht slán.
 
An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ). (An guta a scríobhtar leis an y, tá sé cosúil le "ao" na Gaeilge san fhocal "saol"; is é an leagan srónach den ghuta seo an fhuaim is neamhghnáiche sa teanga.) Má chuirtear an tilde os cionn an g, gheofar an litir a fhuaimnítear cosúil le "ng" an Bhéarla agus na Gaeilge: G̃/g̃. Litir é seo nach bhfuil in úsáid in aon teanga eile, agus ní ceann de na litreacha réamhchumtha é sa chóras úd Unicode féin.
 
Ní mharcáiltear ach na gutaí srónacha faoi bhéim. Is é sin, is é an guta faoin tilde a bheidh faoi bhéim. Na gutaí neamhshrónacha atá faoi bhéim, cuirtear an agúid (síneadh fada na Gaeilge, nó ''accent aigu'' na Fraincise) os a gcionn. Mura bhfuil aon ghuta san fhocal marcáilte, is é an guta deireanach a bheidh faoi bhéim.
 
Imríonn na gutaí srónacha tionchar ar na consain a thugann rompu. Mar sin, is minic a chuirtear srónaíl éigin leis an gconsan sin, ionas go ndéantar "mb" nó "m" den "b", mar shampla.
 
Fuaimnítear an litir "j" cosúil leis an mBéarla, nó cosúil le "d" caol na Gaeilge (bíonn an fuaimniú éagsúil ag na cainteoirí difriúla, agus é ag brath ar an gcanúint freisin).
 
Tá an teanga saibhir i míreanna gramadúla, ionas gur féidir a rá gur teanga iltáite nó teanga pholaisintéiseach í, cosúil lena lán teangacha san Oileán Úr. Níl inscne ghramadúil sa ghlan-Ghuaráinis, ach is minic a chluinfeá hailt dheimhneacha na Spáinnise - "la" agus "le" - sa ghnáthchaint, de thoradh shíortheagmháil an dá theanga i saol Pharagua.