An difríocht idir athruithe ar: "Piorána"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
}}
 
Tugtar '''pioránaí''' ar speicis éisc na fine ''Characidae'', san ord ''Characiformes'', agus iad an-choitianta in abhainní Mheiriceá Theas. Uiliteoirí iad go bunúsach, ach tá clú, nó míchlú, orthu ar fud an domhain mar fheoiliteoirí, nó tá fiacla géara acu, agus iad santach san fheoil, mar a chreidtear. Ón taobh eile de, maraítear cuid mhaith acu i Meiriceá Theas le haghaidh bia, agus na bundúchasaigh ag déanamh uirlisí as drandail na bpioránaí.
 
Go traidisiúnta, is iad na géinis ''Serrasalmus'', ''Pygocentrus'', ''Pygopristis'', agus ''Pristobrycon'' a aithnítear mar phioránaí, ós is acusan atá na drandail tipiciúla. Ar chúiseanna bitheolaíochta agus géineolaíochta, áfach, glactar leis inniu gur chóir an géineas ''Pygopristis'' agus cuid den ghéineas ''Pristobrycon'' a fhágáil ar lár, sin nó an ceithre cinn agus an géineas ''Catoprion'' a chur san áireamh freisin. Pé scéal é ní bhíonn na saineolaithe ar aon fhocal faoi cad is piorána ann, agus bíonn siad ag teacht trasna ar speicis nua ghaolmhara inniu féin. Is féidir go bhfuil tri scór speiceas éagsúil ann.