An difríocht idir athruithe ar: "Iaguar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 22:
 
Bhí páirt thábhachtach ag an iaguar i miotaseolaíocht na sibhialtachtaí bundúchasacha i Meiriceá Theas. Chreid na Máigigh go raibh iaguar neamhshaolta ag cosaint an rítheaghlaigh ar na naimhde, agus shíl aiad freisin go raibh baint ag an iaguar leis an saol eile, le saol na marbh. Na Máigigh agus na hAstacaigh araon, d'aithin siad siombail an rí agus an churaidh san iaguar, agus bhí scothaicme farairí nó saighdiúirí ag na hAstacaigh a thugadh "na hiaguar-laochra" orthu féin. Ba é an t-iaguar tótam-ainmhí an dé úd Tezcatlipoca i reiligiún na nAstacach freisin, is é sin, bhí baint neamhshaolta nó comhchosúlacht éigin ag an ainmhí leis an dia seo. Bhí cultas an iaguair tábhachtach i measc na dtreibheanna sna hAindéis freisin, áit a bhfuil Peiriú inniu.
 
Tháinig ainm an iaguair ón nGuaráinis nó ó theanga eile de chuid na fine Tupi-Guaraní. Is minic a thugtar ''el tigre'' - tíogar - ar an iaguar i dtíortha Mheiriceá Theas.
 
Bíonn an t-iaguar idir 56 agus 96 chileagram ar meáchan, de ghnách, cé go bhfuil iaguar fireann ar taifead a bhí 160 kg ar meáchan, agus is féidir teacht ar iaguair bhaineanna ar lú ná seo. Bíonn an baineannach 10-20 % níos lú ná an fireannach.
 
{{síol}}