An difríocht idir athruithe ar: "Iaguar"
Content deleted Content added
naisc |
No edit summary |
||
Líne 17:
}}
Cat mór é an t-'''iaguar''' (''Panthera onca'') agus é coitianta i [[Meiriceá Theas]] i gcónaí, cé go bhfuil líon na n-iaguar ag dul i laghad inniu. Níl ach dornán acu fágtha sna [[Na Stáit Aontaithe|Stáit Aontaithe]], taobh soir ó dheas de [[Tucson]], [[Arizona]], ach sroicheann raon na n-iaguar sa chuid eile de [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá]] ó [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] go tuaisceart na [[An Airgintín|hAirgintíne]]. Is é an t-iaguar an féilíneach is mó san Oileán Úr, agus ar an tríú cineál is mó de na féilínigh ar fud an [[domhan|domhain]], nó is iad an [[tíogar]] agus an [[leon]] an dá [[speiceas]] is mó.
Breathnaíonn an t-iaguar cosúil leis an [[liopard]], ach is é an [[tíogar]] is cosúla leis ó thaobh na
Bhí páirt thábhachtach ag an iaguar i [[miotaseolaíocht]] na sibhialtachtaí bundúchasacha i [[Meiriceá Theas]]. Chreid [[na Máigigh]] go raibh iaguar neamhshaolta ag cosaint an rítheaghlaigh ar na naimhde, agus shíl aiad freisin go raibh baint ag an iaguar leis an saol eile, le saol na marbh. Na Máigigh agus [[na hAstacaigh]] araon, d'aithin siad siombail an [[rí]] agus an churaidh san iaguar, agus bhí scothaicme farairí nó [[saighdiúir|saighdiúirí]] ag na hAstacaigh a thugadh "na hiaguar-laochra" orthu féin.
Ba é an t-iaguar tótam-ainmhí an dé úd [[Tezcatlipoca]] i [[reiligiún]] na nAstacach freisin, is é sin, bhí baint neamhshaolta nó comhchosúlacht éigin ag an ainmhí leis an [[dia]] seo. Bhí cultas an iaguair tábhachtach i measc na dtreibheanna sna [[na hAindéis|hAindéis]] freisin, áit a bhfuil [[Peiriú]] inniu. Tháinig ainm an iaguair ón [[An Ghuaráinis|nGuaráinis]] nó ó theanga eile de chuid na fine [[Tupi-Guaraní]]. Is minic a thugtar ''el tigre'' - tíogar - ar an iaguar i dtíortha Mheiriceá Theas.
Bíonn an t-iaguar idir 56 agus 96 [[cileagram|chileagram]] ar meáchan, de ghnách, cé go bhfuil iaguar fireann ar taifead a bhí 160 kg ar meáchan, agus is féidir teacht ar iaguair bhaineanna ar lú ná seo. Bíonn an baineannach 10-20 % níos lú ná an fireannach.
{{síol}}
|