An difríocht idir athruithe ar: "Piorána"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 28:
Ar ndóigh bíonn siad éagsúil ó thaobh na méide de chomh maith, ach go tipiciúil bíonn an piorána ó 15 go 26 ceintiméadar ar fad.
 
Bíonn páirt thábhachtach ag na pioránaí san éiceachóras agus iad ina gcreachadóirí agus ina scroblachóirí araon. Itheann siad [[síoltasíol]]ta agus [[planda]]í chomh maith le feoil, ach ní bhíonn mórán maithe iontu le síolta na bplandaí a dháileadh, nó bíonn an piorána ag mungailt na síolta chomh mion is nach dtéann aon cheann acu iomlán trí chóras díleáite an éisc.
 
Cé gur áibhéil agus [[dathacha|dathadóireacht]] a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó de na scéalta faoi na pioránaí a ionsaíonn agus a itheann daoine agus ainmhithe móra, bíonn priacail áirithe ag baint leis na pioránaí. Ábhar feirge agus frustrachais iad go minic do na [[iascaireacht|hiascairí]], nó bíonn siad ag déanamh dochair do na líonta, do na spiléid, do na doruithe agus don trealamh iascaireachta eile, ag baint a bplaiceanna féin as na h[[éisc]] eile sna líonta agus ag goid na mbaoití. Thairis sin, is gnách leo greim a bhaint as an iascaire atá á marú. San áit a mbíonn na hiascairí ag gutáil a gcuid creiche agus ag caitheamh an mheanaigh san [[uisce]], is féidir leis na pioránaí bheith dainséarach don té a chuireann lámh nó cos san uisce, agus iad ina thaithí gur bia é gach uile shórt a gheobhaidh siad rompu.