An difríocht idir athruithe ar: "Maoracht éisc"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 11:
 
Bíonn linnte garraithe, ar bhealaí, cosúil le huisceadáin fhionnuisce, ach de ghnáth, i bhfad níos neamhchosanta ón aimsir chomhthimpeallach. Sna Trópaicí, is féidir éisc trópaiceacha a choinneáil i linnte garraithe, ach sa gcrios measartha is fearr a neiríonn le speicis mar ''Carassius auratus auratus'' (iasc órga) , ''nishikigoi'' (Béarla: Koi), agus ''Leuciscus idus'' (Béarla: ide nó orfe).
 
==Sáile==
 
Go ginearálta, bíonn uisceadáin mhuirí níos deacra a choimeád ar siúl agus bíonn an beostoc i bhfad níos costasaí. Mar thoradh air sin, meallann an brainse seo maorachtaí a bhfuil níos mó taithí acu. Is féidir leis na huisceadáin seo a bheith go hálainn ar fad, mar gheall ar dhathanna agus ar chruthanna tarraingteach na g[[coiréal]] agus na héisc coiréalacha sceireacha a bhíonn óstáilte ann.
 
Ní go coitianta, a choimeádtar éisc ón gcrios measartha san uisceadán baile, go príomha toisc nach mbíonn siad in ann rathú ag teocht an tseomra. Ní mór uisceadán fuaruisce teocht níos a chur ar fáil trí sheomra fionnuar (mar shampla íoslach neamhthéite) nó gléas cuisnithe ar a dtugtar 'fuaraitheoir'.
 
 
Is minic a bhíonn fonn ar mhaorachtaí éisc mara sceireacha coiréil a athchruthú le húsáid a bhaint as chainníochtaí móra de charraigeacha beo, carraigeacha cailcreach póiriúla clúdaithe le halgaí coralline, spúinsí, péisteanna, agus orgánaigh beaga muirí eile. Níos déanaí, cuirtear coiréil móra chomh maith le [[ribe róibéis|ribí róibéis]], [[portán|portáin]], [[eicínideirmeach|eicínideirmigh]], agus [[moileasc|moilisc]], nuair a bhíonn an tuisceadán aibí, chomh maith le réimse na n-iasc beag. Uaireanta, tugtar [[uisceadán sceire|uisceadáin sceire]] ar an an saghas seo uisceadáin.
 
==Mearsháile nó uisce goirt==
Comhcheanglaíonn uisceadáin mhéarsáile le chéile gnéithe de na huisceadáin thuas luaite eile, le salandacht nach mór fanacht idir an méid a bhíonn san bhfionnuisce agus uisce na farraige. Tagann éisc uisce goirt ó gnáthóga le [[salandacht]] éagsúla, mar shampla [[mangróbh|mangróibh]] agus [[inbhear|inbhir]], agus ní thagann rathú orthu má choimeádtar go buan i bhfíoruisce iad. Cé nach bhfuil uisceadáin le huisce goirt de gnáth ar eolas an t-uisceadora neamhchleachtaigh, is fearr le go leor speiceas uisce goirt, lena n-áirítear roinnt ''Poeciliidae'' (Béarla; mollies), ''Gobiidae'' go leor, roinnt ''Tetraodontidae'', ''Monodactylidae'', ''Scatophagidae'', agus beagnach gach ''Soleidae'' nó sól fionnuisce.
 
[[Catagóir:Iasceolaíocht]]