An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"

1,438 bytes added ,  9 mbliana ó shin
no edit summary
m (r2.7.2+) (róbat ag suimiú: my:ဂရင်းလန်ကျွန်း)
|fonótaí=}}
 
Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í '''an Ghraonlainn''' (Danmhairgis: ''Grønland'' nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise ''Kalaallit Nunaat'' ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra Cheanada, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailter arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta.
[[Cúige]] féinrialta na [[An Danmhairg|Danmhairge]] is ea '''An Ghraonlainn''' nó ''Kalaallit Nunaat'' as [[Graonlainnis]]. Is [[oileán]] mór í atá suite amach ó chósta oirthuaisceart [[Ceanada|Cheanada]].
 
Tháinig na hIonúitigh go dti an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
 
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
 
 
 
{{síol}}