An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 49:
 
Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir nó ''tunumiisut'', agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.
 
==Bailte móra==
 
Baile mór atá i gceist sa Ghraonlainn má sháraíonn daonra an áitribh leathmhíle duine. Is í príomhchathair na Graonlainne, Nuuk (Danmhairgis: Godthåb), an ceann is mó acu, agus níl ach 15,500 duine ina gcónaí ansin féin.
 
 
* Aasiaat (Egedesminde), trí mhíle duine
* Ilulissat (Jakobshavn), ceithre mhíle go leith de dhaoine, an tríú baile is mó sa Ghraonlainn
* Ittoqqortoormiit (Scoresbysund), leathmhíle duine. I dtimpeallacht Ittoqqortoormiit a labhraítear an chanúint Oirthearach, nó an teanga ''tunumiit oraasiat''.
* Kangaatsiaq, timpeall ar shé chéad duine
* Maniitsoq (Sukkertoppen), dhá mhíle agus seacht gcéad duine, an séú háitreabh is mó sa Ghraonlainn.
* Nanortalik, míle go leith de dhaoine
* Narsaq, míle is sé chéad duine
* Narsarsuaq, céad go leith duine. Lárionad tábhachtach turasóireachta é Narsarsuaq
* Nuuk (Godthåb), príomhchathair na Graonlainne
* Paamiut (Frederikshåb), míle is sé chéad duine
* Qaanaaq (Thule), sé chéad duine. Timpeall ar an áit seo a labhraítear canúint ar leith de chuid na Graonlainnise freisin.
* Qaqortoq (Julianehåb), an ceathrú baile mór is mó daonra, nó tá breis is trí mhíle duine ina gcónaí ansin.
* Qasigiannguit (Christianshåb), míle is dhá chéad go leith de dhaoine.
* Qeqertarsuaq (Godhavn). Tá naoi gcéad duine ina gcónaí anseo. Tá an baile mór suite ar chósta theas Oileán Disko, oileán mór ar chósta thiar na Graonlainne, agus is é Qeqertarsuaq ainm an oileán freisin i dteanga na tíre.
* Sisimiut (Holsteinsborg), an dara háitreabh is mó daonra sa Ghraonlainn, nó tá cúig mhíle go leith de dhaoine ina gcónaí ansin.
* Tasiilaq (seanainm: Ammassalik, nó Angmagssalik de réir an tseanlitrithe). Tá beagnach dhá mhíle duine ina gcónaí ansin, agus mar sin, is é an t-áitreabh is mó ar chósta thoir na Graonlainne.
* Upernavik, breis is míle duine
* Uummannaq, míle is trí chéad duine
 
 
{{síol}}