An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 46:
Tháinig na hIonúitigh go dtí an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
 
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathasis ceann de na tíortha í ar comhpháirteanna iad de Chomhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Tá stádas cosúil ag Oileáin Fharó freisin. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
 
Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir, ''tunumiit oraasiat'' nó ''tunumiisut'', agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.