An difríocht idir athruithe ar: "Iaguar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 29:
Bíonn an t-iaguar idir 56 agus 96 [[cileagram|chileagram]] ar meáchan, de ghnách, cé go bhfuil iaguar fireann ar taifead a bhí 160 kg ar meáchan, agus is féidir teacht ar iaguair bhaineanna ar lú ná seo. Bíonn an baineannach 10-20 % níos lú ná an fireannach. Bíonn an t-iaguar ag dul i méid ó dheas, agus na hiaguair choille níos mó ná na hiaguair mhachaire.
 
Bíonn fionnadh an iaguair buí, flannbhui nó dearg, agus é lán spotaí dubha ar dhéanamh fáinne. Bíonn spotaí beaga taobh istigh de na fáinní seo, agus is ar na spotaí sin is fusa an t-iaguar a aithint thar an liopard. Bíonn iaguair dhubha ann freisin, ach an té ar féidir leis súil cheart a chaitheamh ar fhionnadh an iaguair dhuibh aithneoidh sé go mbíonn fáinní agus spotaí ar an gcineál sin iaguair freisin. Iaguair dhubha iad sé faoin gcéad de na hiaguair go léir, nó iaguar amháin as gach seacht gceann déag.
 
Nuair a shroichfidh an t-iaguar baineannach aois an dá bhliain, beidh sí in ann ál a bhreith. Tógann sé ceithre bliana ar na cinn fhireanna teacht in inmhe coimpeartha. Síltear go mbíonn na hiaguair ag cúpláil fud fad na bliana, agus nach bhfuil séasúr cúplála ar leith acu.
 
Is iad na hiaguair bhaineanna a thógann an t-ál, agus má thagann an fireannach in aon neasacht do na coileáin, cuirfidh an baineannach ruaigeadh air, nó is iomaí iaguar fireann a d'ith an t-ál nuair a bhí an seans aige. Ní bhíonn caidreamh ar bith ag an bhfireannach leis an mbaineannach i ndiaidh na coimpeartha - go bunúsach ní theastaíonn an fireannach ón mbaineannach ach amháin lena chuid síl a scaoileadh. Bíonn an t-iaguar baineann ag iompar clainne ar feadh 93-105 lá, is é sin, trí mhí, nó trí mhí go leith.
 
{{síol}}