An difríocht idir athruithe ar: "Orhan Pamuk"

Content deleted Content added
Tús
 
cuid den leathanach Béarla athscríofa, litriú ainm a mhná céile ceartaithe de réir an leagan Tuircise
Líne 1:
[[Íomhá:Orhan pamuk u01 72.jpg|deas|250px|thumb|Orhan Pamuk.]]
Úrscéalaí [[an Tuirc|Turcach]] is ea é '''Ferit Orhan Pamuk''' (a rugadh ar [[7 Meitheamh]], [[1952]] in [[Istanbul]], [[an Tuirc]]). SeánraCleachtann sé stíl insinte [[Iarnua-aoiseachas|iarnua-aoiseach]] atá i gceist donina chuid is móscríbhinní, agus cuireadh aníos shaothair ar fáildhá arscór fudteanga anar domhain,leabhair aistrithe i níos mó ná daichead teangachuid.
 
Bronnadh [[Duais Nobel sa Litríocht]] air ar [[12 Deireadh Fómhair]] [[2006]], anagus céadb'é buaiteoiran aschéad anduaiseoir Turcach tíré seoriamh.
 
{{stumpa}}
Saolaíodh do lánúin réasúnta saibhir é, agus chuaigh sé ar scoil Mheiriceánach in Istanbul, Coláiste Robert. Theastaigh óna mhuintir go rachadh sé le hinnealtóireacht nó le hailtireacht, agus chaith sé trí bliana ag staidéar ailtireachta in Ollscoil Teicneolaíochta Istanbul, ach níor thaitin an tslí bheatha leis, agus d'éirigh sé as an ollscoil sula raibh céim bainte amach aige. Ansin, chuaigh sé ag foghlaim iriseoireachta in Ollscoil Istanbul, agus an iarracht sin, níor fhág sé an cúrsa léinn gan chríochnú. Sna hochtóidí, chaith sé roinnt blianta ag léachtóireacht i Meiriceá, in Ollscoil Columbia agus Ollscoil Iowa.
 
Bhí sé pósta ar Aylin Türegün ón mbliain [[1982]] ar aghaidh, ach má bhí féin, fuair an lánúin colscaradh sa bhliain [[2001]]. Saolaíodh iníon amháin dóibh, Rüya ("Brionglóid" - nó "Aisling"). Tá deartháir ag an scríbhneoir, Şevket Pamuk, atá ina staraí aithnidiúil, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil Boğaziçi, an ollscoil is airde meas sa Tuirc.
 
Chuaigh Orhan Pamuk i mbun pinn sa bhliain [[1974]]. An chéad úrscéal a scríobh sé, ''Karanlık ve Işık'' ("Dorchadas agus Solas"), bhuaigh sé Comórtas Úrscéalaíochta Cló Milliyet sa bhliain [[1979]], cé gurbh éigean dó an duais a roinnt le scríbhneoir eile. Foilsíodh an t-úrscéal sa bhliain [[1982]] faoin teideal ''Cevdet Bey ve Oğulları'' ("An tUasal Cevdet agus a Chlann Mhac"), agus i ndiaidh a fhoilsithe, thabhaigh sé duais eile fós don scríbhneoir. Ach, le fírinne, níor scríobh sé leabhar sna hochtóidí gan duais éigin a bhaint amach, agus bhí ag éirí leis chomh gleoite is gur cuireadh sonrú ann sa choigríoch féin.
 
[[Catagóir:Úrscéalaithe|Pamuk, Orhan]]