An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"
Content deleted Content added
[ [ - ] ] |
Teanga |
||
Líne 1:
Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha [[Meicsiceo|Mheicsiceá]] inniu, is é sin, [[Chiapas]], [[Tabasco]] agus stáit [[Leathinis Yúcatan]], mar atá, [[Yúcatan]], [[Quintana Róo]], agus [[Campeche]]. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i [[Meiriceá Theas]] ar éirigh léi [[teanga]] scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
==Sibhialtacht==
Tá clú agus cáil ar [[réalteolaíocht]], [[ealaín]] agus [[ailtireacht]] na Máigeach chomh maith. Bhí na Máigigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an [[féilire]] ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile.
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa t[[An tSalvadóir|Salvadóir]], i [[Hondúras]] agus i n[[Guatamala]]- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó [[2000 RC]] go [[250|250 AD]], agus ba iad na blianta ´0 250 go [[900|900 AD]] bláth Clasaiceach na Máigeach. San
==Teanga==
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.
|