An difríocht idir athruithe ar: "Armóin"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: no:Harmonium
mNo edit summary
Líne 2:
[[Íomhá:Harmonium Debain.jpg|thumb|300px|Armóin [[François-Alexandre Debain]]]]
 
Orgán beag lena gcastar nótaí ceoil is ea an '''armóin'''. Ciallaíonn an focal "armóin" gléasadh nó cóiriú taitneamhach ar nótaí ceoil freisin ach sa chás seo, táimid ag caint faoin [[uirlis cheoil]] a fheictear sa ghrianghraf taobh leis an alt seo. Is uirlis ghaoithe atá san armóin ina n-úsáidtear giolcacha a bhogann go saor leis an bhfuaim a dhéanamh. Tá méarchlár agus gaireas séidte inti. D'fhéadfaí "armóineadóir" a thabhairt ar an duine a sheineann an armóin, is dócha.
 
Tá bunús na harmóine le fáil san uirlis le giolcacha saora a chruthaigh Grenié (fear ón bhFrainc) ag tús an [[19ú aoishaois]]. B'éard a bhí aige ná uirlis bunaithe ar phíopaí orgáin le giolcacha saora a bhí curtha ar ghaireas séidte a bhí á smachtú ag brú athraitheach gaoithe. Murab ionann agus na giolcacha a bhíonn ag bualadh in orgán píopa, is féidir leis na giolcacha saora airde fuaime athraitheach thonnchreatha a láimhseáil agus réimse leathan airde ceoil ó phianissimo go fortissimo a léiriú de bharr an bhealaigh ina gcritheann siad agus é seo ar fad gan athrú suntasach sa ghléasadh.
 
Ba é an [[Francach]] Alexandre-François Debain a chéadcheap an armóin i ndáiríre, í bunaithe ar uirlis Ghrenié agus fuair sé paitinn di i [[1842]]. B'iad Jakob Alexandre ([[1804]]-[[1876]]) agus a mhac Edouard ([[1824]]-[[1888]]) i bpáirt le Victor Mustel a thug an uirlis chun foirfeachta.
 
[[bg:Хармониум]]