An difríocht idir athruithe ar: "William Heinesen"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in '''Andreas William Heinesen''' a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair na nOileán Faróch) a...'
(No difference)

Leagan ó 01:24, 29 Feabhra 2012

Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in Andreas William Heinesen a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair na nOileán Faróch) agus a shíothlaigh ar an 12 Márta 1991 san áit chéanna. Cé go raibh Faróis ó dhúchas aige, scríobh sé formhór mór a chuid leabhar as Danmhairgis, nó ní raibh mórán litríochta ar fáil as Faróis nuair a chuaigh sé ar scoil. I dtús a réime bhí sé ina fhile, ach ba iad na húrscéalta agus na gearrscéalta a thabhaigh a chlú dó. Is é Tórshavn timpeallacht na n-imeachtaí ina chuid scríbhinní, ach san am chéanna, bíonn scéalta Heinesen ar maos le misteachas is le draíocht, agus is téama tábhachtach í streachailt an duine le fórsaí na farraige.