An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Distribution-myn.png|thumb|Léarscáil dáileacháina thaispeánann dáileachán na Máigeach i ndeisceart Mheicsiceo agus sna tíortha in aice]]
Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha [[Meicsiceo|Mheicsiceá]] inniu, is é sin, [[Chiapas]], [[Tabasco]] agus stáit [[Leathinis Yúcatan]], mar atá, [[Yúcatan]], [[Quintana Róo]], agus [[Campeche]]. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i [[Meiriceá Theas]] ar éirigh léi [[teanga]] scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
 
Líne 7:
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa t[[An tSalvadóir|Salvadóir]], i [[Hondúras]] agus i n[[Guatamala]]- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.
 
[[File:Tulum sverzel.jpg|thumb|Tulum i dtuaisceart Yúcatan. Bhí Tulum ar na cathracha deireanacha Máigeacha a raibh daoine ina gcónaí iontu go fóill nuair a tháinig na ''Conquistadores'' go dtí an tOileán Úr. Is dealraitheach gur shiúil éag mór ar mhuintir na háite go gairid ina dhiaidh sin, de dheasca na ngalar nua a tháinig sna sálaí ag na Spáinnigh.]]
[[File:Tulum sverzel.jpg|thumb|Tulum i dtuaisceart Yúcatan]]
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó [[2000 RC]] go [[250|250 AD]], agus ba iad na blianta ´0 250 go [[900|900 AD]] bláth Clasaiceach na Máigeach. San [[8ú haois|ochtú]] agus san [[9ú haois|naoú haois]], áfach, thosaigh an tóin ag titim faoin tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin, áfach. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna [[éiceolaíocht|éiceolaíochta]] - b'fhéidir go raibh na Máigigh ansin i ndiaidh an iomarca [[foraois|foraoise]] a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na [[An Spáinn|Spáinnigh]] ag forghabháil na hilchríche.